3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh maoirseoirí ar bhonn riosca-íogair an bhfuil ceanglais mhíreanna 1 agus 2 á gcomhlíonadh i gcónaí. Go háirithe, fíoróidh siad an bhfuil dea-cháil ar bhainistíocht shinsearach na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 1, agus an ngníomhaíonn sí le macántacht agus ionracas agus an bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá aici chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta á dhéanamh, nó go ndearnadh é nó go ndearnadh iarracht é a dhéanamh, nó go bhfuil riosca méadaithe ina leith in eintiteas faoi oibleagáid.