4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha a iarraidh ar eintitis dhlítheanacha, ar iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite agus ar dhaoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil, agus ar a n-úinéirí dlíthiúla agus tairbhiúla, aon fhaisnéis is gá chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear, rúin de chuid an bhoird stiúrthóirí agus miontuairiscí a gcruinnithe, a gcomhaontuithe comhpháirtíochta, a ngníomhais iontaobhais, a gcumhacht aturnae nó a gcomhaontuithe conarthacha agus doiciméadú eile.