4. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na maoirseoirí seach-airgeadais iad seo a leanas a shainaithint:
|
(a)
|
gach eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais a bhfuil a cheannoifig ina mBallstát agus a bhfuil bunaíochtaí acu i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha;
|
|
(b)
|
na bunaíochtaí uile arna mbunú ag na heintitis sin faoi oibleagáid i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha;
|
|
(c)
|
bunaíochtaí arna mbunú ina gcríoch ag eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais ar de chuid Ballstát eile nó tríú tíortha iad.
|