+Airteagal 62 An liosta d’údaráis inniúla a chur in iúl
---+Airteagal 62 1
---+Airteagal 62 2
---+Airteagal 62 3
---+Airteagal 62 4

Airteagal 62 An liosta d’údaráis inniúla a chur in iúl

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 62 1

1.   Chun comhar éifeachtach, agus go háirithe malartú faisnéise, a éascú agus a chur chun cinn, cuirfidh na Ballstáit an méid a leanas in iúl don Choimisiún agus do AMLA:

(a)

an liosta de na maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid maidir le comhlíonadh Rialacháin (AE) 2024/1624, agus, i gcás inarb ábhartha, ainm an údaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála agus feidhmeanna formhaoirseachta á gcomhlíonadh acu faoin Treoir seo, agus a mionsonraí teagmhála;

(b)

mionsonraí teagmhála FIU acu;

(c)

an liosta d’údaráis náisiúnta inniúla eile.

Airteagal 62 2

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfear na mionsonraí teagmhála seo a leanas ar fáil:

(a)

pointe teagmhála nó, ina éagmais sin, ainm agus ról teagmhálaí;

(b)

ríomhphost agus uimhir theileafóin an phointe teagmhála nó, ina éagmais sin, seoladh ríomhphoist gairmiúil agus uimhir theileafóin an teagmhálaí.

Airteagal 62 3

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún agus do AMLA de bhun mhír 1 a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a bheidh athrú ann.

Airteagal 62 4

4.   Foilseoidh AMLA clár de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 ar a shuíomh gréasáin agus éascóidh sé an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 2 idir údaráis inniúla. Laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí, beidh na húdaráis atá sa chlár ina bpointe teagmhála ag na húdaráis inniúla chontrapháirteacha. Beidh FIUnna agus údaráis mhaoirseachta ina bpointe teagmhála freisin ag AMLA.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas