+Airteagal 67 Ceanglais i ndáil le rúndacht ghairmiúil
---+Airteagal 67 1
---+Airteagal 67 2
---+Airteagal 67 3
|
Airteagal 67 Ceanglais i ndáil le rúndacht ghairmiúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 67 1
|
1. Maidir le gach duine a bhíonn ag obair nó a bhí ag obair do mhaoirseoirí agus do na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52, chomh maith le hiniúchóirí nó saineolaithe atá ag gníomhú thar ceann na maoirseoirí nó na n-údarás sin, cuirfidh na Ballstáit de cheangal go mbeidh siad faoi cheangal oibleagáid na rúndachta gairmiúla.
Gan dochar do chásanna a chumhdaítear le himscrúduithe coiriúla agus ionchúisimh faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta agus faisnéis arna soláthar do FIUnna de bhun Airteagail 42 agus 43, maidir leis an bhfaisnéis faoi rún a gheobhaidh na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag feidhmiú a ndualgas faoin Treoir seo dóibh, ní fhéadfar sin a nochtadh ach amháin mar achoimre nó i bhfoirm chomhiomlánaithe, ar shlí nach féidir aon eintitis faoi oibleagáid ar leith a shainaithint.
|
|
Airteagal 67 2
|
2. Ní bheidh mír 1 den Airteagal seo ina bac ar fhaisnéis a bheith á malartú idir:
|
(a)
|
maoirseoirí, cibé acu laistigh de Bhallstát nó i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear AMLA agus é ag gníomhú mar mhaoirseoir nó údaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 den Treoir seo;
|
|
(b)
|
maoirseoirí chomh maith leis na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 den Treoir seo agus FIUnna;
|
|
(c)
|
maoirseoirí chomh maith leis na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 den Treoir seo agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (44)(c) agus (d) de Rialachán (AE) 2024/1624;
|
|
(d)
|
maoirseoirí airgeadais agus údaráis atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear BCE ag gníomhú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, cibé acu laistigh de Bhallstát nó i mBallstáit éagsúla.
|
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, beidh an malartú faisnéise faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla dá bhforáiltear i mír 1.
|
|
Airteagal 67 3
|
3. Aon údarás nó comhlacht féinrialála a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun mhír 2, ní bhainfidh sé feidhm as an bhfaisnéis sin ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Treoir seo nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i réimse AML/CFT, na rialála stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear smachtbhannaí;
|
|
(b)
|
in achomharc i gcoinne cinneadh ón údarás nó ón gcomhlacht féinrialála, lena n-áirítear imeachtaí cúirte;
|
|
(c)
|
in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh de bhun forálacha speisialta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais arna nglacadh i réimse na Treorach seo nó i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|