+Airteagal 4 Táillí iniúchóireachta
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.

Airteagal 4 Táillí iniúchóireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Ní táillí teagmhasacha a bheidh i dtáillí maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla a sholáthar d'eintitis leasa phoiblí.

Gan dochar d'Airteagal 25 de Threoir 2006/43/CE, chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn táillí teagmhasacha táillí d'fhostaíochtaí iniúchóireachta arna ríomh ar bhonn réamhchinntithe a bhaineann lena thiocfadh as idirbheart nó le toradh idirbhirt nó le toradh na hoibre a rinneadh. Ní mheasfar táillí a bheith teagmhasach más cúirt nó údarás inniúil a bhunaigh iad.

Airteagal 4 2.
Nuair a sholáthróidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta seirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe, ar feadh tréimhse trí bliana airgeadais as a chéile nó níos mó, ní mó ná 70 % de mheán na dtáillí a íocadh as an iniúchóireacht reachtúil/na hiniúchóireachtaí reachtúla den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus, i gcás inarb infheidhme, dá mháthairghnóthas, dá ghnóthais rialaithe agus de na ráitis chomhdhlúite airgeadais don ghrúpa gnóthas sin sna trí bliana airgeadais as a chéile roimhe sin a bheidh na táillí iomlána do sheirbhísí den sórt sin.

Chun críocha na dteorainneacha a shonraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, eisiafar dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus seirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta.

Ar iarraidh a fháil ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údarás inniúil, ar bhonn eisceachtúil, a cheadú go ndíolmhófar an t-iniúchóir reachtúil sin nó an gnólacht iniúchóireachta sin ó na ceanglais sa chéad fhomhír i leith eintitis a ndéantar iniúchóireacht air ar feadh tréimhse nach rachaidh thar dhá bhliain airgeadais.

Airteagal 4 3.
Nuair is mó na táillí iomlána a fuarthas ó eintiteas leasa phoiblí i ngach ceann de na trí bliana deireanacha airgeadais as a chéile ná 15 % de na táillí iomlána a fuair an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nó, nuair is infheidhme, an grúpiniúchóir a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige, i ngach ceann de na bliana airgeadais sin, déanfaidh iniúchóir reachtúil den sórt sin nó gnólacht iniúchóireachta den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, grúpiniúchóir den sórt sin, an méid sin a nochtadh don choiste iniúchóireachta agus pléifidh sé leis an gcoiste iniúchóireachta na bagairtí ar a neamhspleáchas agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú. Breithneoidh an coiste iniúchóireachta cibé ar cheart an fhostaíocht iniúchóireachta a bheith faoi réir athbhreithnithe rialaithe cáilíochta fostaíochta ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile sula n-eiseofar an tuarascáil iniúchóireachta.

I gcás inar mó fós na táillí a fuarthas ó eintiteas leasa phoiblí den sórt sin ná 15 % de na táillí iomlána a fuair iniúchóir reachtúil den sórt sin nó gnólacht iniúchóireachta den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, grúpiniúchóir den sórt sin a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige, cinnfidh an coiste iniúchóireachta ar bhonn foras oibiachtúil cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nó an grúpiniúchóir d'eintiteas den sórt sin nó de ghrúpa eintiteas den sórt sin leanúint de bheith ag déanamh na hiniúchóireachta reachtúla go ceann tréimhse breise, ar tréimhse í nach rachaidh thar dhá bhliain, in aon chás.

Airteagal 4 4.
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a chur i bhfeidhm a bheidh níos déine ná na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas