+Airteagal 5 4.
|
Airteagal 5 4.
Féadfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí agus, i gcás ina mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta le líonra, aon chomhalta de líonra den sórt sin, seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi réir formheas a fháil ón gcoiste iniúchóireachta tar éis dó measúnú cuí a dhéanamh ar bhagairtí ar an neamhspleáchas agus ar na coimircí arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22b de Threoir 2006/43/CE. Déanfaidh an coiste iniúchóireachta, i gcás inarb infheidhme, treoirlínte a eisiúint maidir leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 3. Ní bheidh gá le formheas an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a bhunú ina leagtar amach na coinníollacha faoina bhfuil iniúchóir reachtúil, gnólacht iniúchóireachta nó comhalta de líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear i mír 1.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|