+Airteagal 34 Rúndacht agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an gcomhar i measc na n-údarás inniúil
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
|
Airteagal 34 Rúndacht agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an gcomhar i measc na n-údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
Beidh feidhm ag an oibleagáid i dtaobh rúndachta gairmiúla maidir leis an uile dhuine a oibríonn nó a d'oibrigh do na comhlachtaí atá páirteach sa chreat comhair idir údaráis inniúla faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 30. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe ag an rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nó d'údarás ar bith eile ach amháin i gcás ina mbeidh nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla nó i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Le hAirteagal 22, ní choiscfear comhlachtaí atá páirteach sa chreat comhair idir údaráis inniúla faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 30, agus na húdaráis inniúla ar fhaisnéis rúnda a mhalartú. Beidh faisnéis a mhalartaítear ar an dóigh sin clúdaithe le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla a bhfuil daoine atá fostaithe, nó a bhí fostaithe tráth, ag údaráis inniúla faoina réir.
|
|
Airteagal 34 3.
|
An fhaisnéis ar fad a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir comhlachtaí atá páirteach sa chreat comhair idir údaráis inniúla faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 30, agus na húdaráis inniúla agus údaráis agus comhlachtaí eile, caithfear léi mar fhaisnéis rúnda, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|