|
+Airteagal 7 3. |
Airteagal 7 3.I gcás ina n-eiseofar moltaí i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
(a)
déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de 6 mhí ó na moltaí a fháil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta atá beartaithe aige a ghlacadh chun aird chuí a thabhairt ar na moltaí, de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir na Ballstáit;
(b)
tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a thíolacadh, leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach sa tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a chuirfidh sé isteach ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, sa bhliain tar éis na bliana inar eisíodh na moltaí, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar na moltaí; má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic leis na moltaí nó le cuid shuntasach de, cuirfidh an Ballstát sin a réasúnaíocht chuig an gCoimisiún;
(c)
beidh na moltaí ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|