|
+Airteagal 12 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 |
Airteagal 12 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009Airteagal 12 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 mar a leanas:
(1)
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 10a
1.
Bunaítear leis seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide (‘an Bord Comhairleach’).
2.
Beidh an Bord Comhairleach comhdhéanta de 15 shaineolaí eolaíocha shinsearacha a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh na critéir a leagtar amach i mír 3. Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhalta den Bhord Comhairleach. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh inchurtha in amhras.
3.
Ainmneoidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh téarma 4 bliana, a fhéadfar a athnuachan uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Agus comhaltaí an Bhoird Chomhairligh á roghnú aige, féachfaidh an Bord Bainistíochta le saineolas éagsúil ó thaobh disciplín agus earnála de a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht inscne agus gheografach. Bunófar an roghnú ar na critéir seo a leanas:
(a)
barr feabhais eolaíoch;
(b)
taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar sna réimsí saineolais;
(c)
saineolas forleathan i réimse na n-eolaíochtaí aeráide agus comhshaoil nó i réimsí eolaíocha eile atá ábhartha do bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais;
(d)
taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
4.
Déanfar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí go hiomlán neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Bord Comhairleach a chathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana agus glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.
5.
Comhlánóidh an Bord Comhairleach obair na Gníomhaireachta agus é ag gníomhú go neamhspleách i gcomhlíonadh a chúraimí. Bunóidh an Bord Comhairleach a chlár oibre bliantúil go neamhspleách, agus nuair a bheidh an méid sin á dhéanamh aige rachaidh sé i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta. Cuirfidh cathaoirleach an Bhoird Chomhairligh an Bord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoin gclár sin agus faoina chur chun feidhme.”;
(2)
in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“5.
Áireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta freisin an caiteachas a bhaineann leis an mBord Comhairleach.”.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|