+Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M2

(1) 

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go huathúil, duine nádúrtha nó dlítheanach, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach;

(2) 

ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábharach agus/nó neamhábharach ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine agus a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne nó, i gcás inarb iomchuí, seirbhís as líne a fhíordheimhniú;

(3) 

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí a eisítear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus lenar féidir céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine dlítheanach eile nó ar dhuine dlítheanach, a shuí.

(4) 

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh faoina ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó do dhaoine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha eile nó ar dhaoine dlítheanacha;

(5) 

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas lenar féidir ríomh-shainaitheantas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a dheimhniú nó tionscnamh agus sláine sonraí i bhfoirm leictreonach a dheimhniú;

▼M2

(5a) 

ciallaíonn “úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach, a úsáideann seirbhísí iontaoibhe nó modhanna ríomh-shainaitheantais arna soláthar i gcomhréir leis an Rialachán seo;

▼M2

(6) 

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhraitheann ar ríomh-shainaitheantais, ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití nó ar mhodhanna eile ríomh-shainaitheantais, nó ar sheirbhís iontaoibhe;

▼B

(7) 

ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;

(8) 

ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(9) 

ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(10) 

ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(11) 

ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;

(12) 

ciallaíonn “ríomhshíniú cáilithe” ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(13) 

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe” sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(14) 

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;

(15) 

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe” deimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

▼M2

(16) 

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís arna soláthar de ghnáth ar luach saothair agus arb é atá inti aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

éisiúint deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin nó deimhnithe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe eile a sholáthar;

(b) 

bailíochtú deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin nó deimhnithe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe eile a sholáthar;

(c) 

cruthú ríomhshínithe nó ríomhshéalaí;

(d) 

bailíochtú ríomhshínithe nó ríomhshéalaí;

(e) 

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe nó deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(f) 

bainistiú a dhéanamh ar ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cianda nó ar ghléasanna cruthaithe ríomhshéala cianda;

(g) 

eisiúint ríomhdhearbhuithe saintréithe;

(h) 

bailíochtú ríomhdhearbhuithe saintréithe;

(i) 

cruthú ríomhstampaí ama;

(j) 

bailíochtú ríomhstampaí ama;

(k) 

soláthar ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe;

(l) 

bailíochtú sonraí arna dtarchur trí ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe agus fianaise ghaolmhar;

(m) 

ríomhchartlannú sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach;

(n) 

sonraí leictreonacha a thaifeadadh i mórleabhar leictreonach;

▼B

(17) 

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;

▼M2

(18) 

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 13, de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn sé, nó inniúil chun deimhniú a dhéanamh ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí nó ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais;

▼B

(19) 

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibhe” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(20) 

ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe” soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;

▼M2

(21) 

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna ábhartha crua-earraí nó bogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

▼B

(22) 

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(23) 

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe” gléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

▼M2

(23a) 

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda” gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe arna bhainistiú ag soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 29a thar ceann sínitheora;

(23b) 

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe cianda” gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe arna bhainistiú ag soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 39a thar ceann cruthaitheoir séala;

▼B

(24) 

ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(25) 

ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;

(26) 

ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:

(27) 

ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(28) 

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéala” sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(29) 

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;

(30) 

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala” deimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(31) 

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;

(32) 

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe” gléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(33) 

ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;

(34) 

ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;

(35) 

ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;

(36) 

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;

(37) 

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;

▼M2

(38) 

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin” ríomhdhearbhú trínar féidir suíomh gréasáin a fhíordheimhniú agus trína nasctar an suíomh gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá n-eisítear an deimhniú;

▼B

(39) 

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(40) 

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú;

▼M2

(41) 

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas lena bhfíoraítear agus lena ndeimhnítear go bhfuil sonraí i bhfoirm leictreonach bailí i gcomhréir leis an Rialachán seo;

▼M2

(42) 

ciallaíonn “Tiachóg Eorpach Céannachta Digití” modh ríomh-shainaitheantais lenar féidir leis an úsáideoir sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a stóráil, a bhainistiú agus a bhailíochtú go slán chun iad a sholáthar do pháirtithe is úsáideoirí agus d’úsáideoirí eile Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, agus iad a shíniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe nó iad a shéalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe;

(43) 

ciallaíonn “saintréith” tréith, cáilíocht, ceart nó cead de chuid duine nádúrtha nó duine dlítheanaigh nó de chuid ruda;

(44) 

ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe” dearbhú i bhfoirm leictreonach lenar féidir saintréithe a fhíordheimhniú;

(45) 

ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe” ríomhdhearbhú saintréithe, ríomhdhearbhú a eisíonn soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V;

(46) 

ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann” ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó ag comhlacht poiblí a ainmníonn an Ballstát chun dearbhuithe saintréithe den sórt sin a eisiúint thar ceann na gcomhlachtaí earnála poiblí atá freagrach as foinsí barántúla i gcomhréir le hAirteagal 45f agus le hIarscríbhinn VII;

(47) 

ciallaíonn “foinse bharántúil” stór nó córas, a choinnítear faoi fhreagracht comhlachta phoiblí nó eintitis phríobháidigh, ina bhfuil agus lena soláthraítear saintréithe maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach nó rud agus a mheastar a bheith ina phríomhfhoinse don fhaisnéis sin nó a bhfuil aitheantas aige mar stór barántúil nó córas barántúil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear cleachtas riaracháin;

(48) 

ciallaíonn “ríomhchartlannú” seirbhís lena n-áirithítear fáil, stóráil, aisghabháil agus scriosadh sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach chun a marthanacht agus a n-inléiteacht a áirithiú agus chun a sláine, a rúndacht agus a gcruthúnas ar thionscnamh a chaomhnú le linn na tréimhse caomhnaithe;

(49) 

ciallaíonn “seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe” seirbhís ríomhchartlannaithe a sholáthraíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45j;

(50) 

ciallaíonn “Trustmharc na Tiachóige Céannachta Digití Eorpaí” léiriú infhíoraithe, simplí agus so-aitheanta a chuirtear in iúl ar bhealach soiléir gur soláthraíodh Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(51) 

ciallaíonn “fíordheimhniú láidir úsáideora” fíordheimhniú bunaithe ar úsáid a bhaint as dhá fhachtóir fíordheimhniúcháin ar a laghad ó chatagóirí éagsúla — eolas, rud is eol don úsáideoir amháin, seilbh, rud nach bhfuil ach ag an úsáideoir amháin nó oidhreacht, rud ar de chuid an úsáideora é, — ar catagóirí neamhspleácha iad sa mhéid nach gcuirtear, le sárú ar cheann amháin díobh, iontaofacht na gceann eile i mbaol, agus is fíordheimhniú é atá deartha ar bhealach lena gcosnaítear rúndacht na sonraí fíordheimhniúcháin;

(52) 

ciallaíonn “mórleabhar leictreonach” seicheamh de thaifid sonraí leictreonacha, lena n-áirithítear sláine na dtaifead sin agus cruinneas ord cróineolaíoch na dtaifead sin;

(53) 

ciallaíonn “mórleabhar leictreonach cáilithe” mórleabhar leictreonach a sholáthraíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45l;

(54) 

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(55) 

ciallaíonn “meaitseáil céannachta” próiseas ina ndéantar sonraí sainaitheantais duine nó modhanna ríomh-shainaitheantais duine a mheaitseáil le cuntas atá ann cheana a bhaineann leis an duine céanna nó ina ndéantar iad a nascadh le cuntas den sórt sin;

(56) 

ciallaíonn “taifead sonraí” sonraí leictreonacha a thaifeadtar le meiteashonraí gaolmhara a thacaíonn le próiseáil na sonraí;

(57) 

ciallaíonn “modh as líne”, a mhéid a bhaineann le húsáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, idirghníomhaíocht idir úsáideoir agus tríú páirtí i suíomh fisiciúil lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí dlúthghaireachta, sa chaoi is nach gá don Tiachóg Eorpach Céannachta Digití rochtain a fháil ar chórais chianda trí líonraí cumarsáide leictreonaí chun críoch na hidirghníomhaíochta.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas