+Airteagal 12a Deimhniú scéimeanna ríomh-shainaitheantais
---+Airteagal 12a 1.
---+Airteagal 12a 2.
---+Airteagal 12a 3.
---+Airteagal 12a 4.
---+Airteagal 12a 5.
---+Airteagal 12a 6.

Airteagal 12a Deimhniú scéimeanna ríomh-shainaitheantais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12a 1.
Is iad na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit a dheimhneoidh comhréireacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith leis na ceanglais chibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála ábhartha a leagtar amach in Airteagal 8(2) i ndáil le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais.
Airteagal 12a 2.
Déanfar an deimhniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoi scéim ábhartha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 nó faoi chodanna di, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais chibearshlándála sin leis an deimhniú cibearshlándála nó le codanna de.
Airteagal 12a 3.
Beidh deimhniú de bhun mhír 1 bailí suas le 5 bliana, ar choinníoll go ndéantar measúnú leochaileachta gach 2 bhliain. I gcás ina sainaithnítear leochaileacht agus nach leigheastar í laistigh de 3 mhí tar éis í a shainaithint, déanfar an deimhniú a chur ar ceal.
Airteagal 12a 4.
D’ainneoin mhír 2, féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise faoi scéimeanna ríomh-shainaitheantais nó faoi chuid díobh a deimhníodh a iarraidh, i gcomhréir leis an mír sin, ar Bhallstát atá tabhairt fógra.
Airteagal 12a 5.
Ní bheidh feidhm ag an athbhreithniú piaraí ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 12(5) maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais ná le codanna de scéimeanna den sórt sin a deimhníodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as deimhniú nó ráiteas comhréireachta, arna eisiúint i gcomhréir le scéim ábhartha um dheimhniú nó codanna de scéimeanna den sórt sin, leis na ceanglais nach ceanglais chibearshlándála iad a leagtar amach in Airteagal 8(2) maidir le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais.
Airteagal 12a 6.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit uile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas