+Airteagal 27 Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.

Airteagal 27 Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Choimisiún maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach seo. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar, ag. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Nollaig 2023, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach seo.
Airteagal 27 2.

Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, an staidreamh a leanas a thíolacadh don Choimisiún maidir leis na tuairiscí dá dtagraítear i gCaibidil III, i bhfoirm chomhiomlánaithe, más féidir, má tá siad ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann:

(a) 

líon na dtuairiscí a fuair na húdaráis inniúla;

(b) 

líon na n-imscrúduithe agus na n-imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh na dtuairiscí sin agus an toradh a d’eascair astu; agus

(c) 

má fionnadh é, an damáiste airgeadais measta, agus na suimeanna a aisghabhadh tar éis imscrúduithe agus imeachtaí, a bhaineann leis na sáruithe a tuairiscíodh.

Airteagal 27 3.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Nollaig 2025, agus an tuarascáil arna tíolacadh aige de bhun mhír 1 agus staidreamh na mBallstát a tíolacadh de bhun mhír 2 á gcur san áireamh, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar thionchar an dlí náisiúnta lena ndéantar trasuí ar an Treoir seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an mbealach a d’fheidhmigh an Treoir seo agus measfaidh sé an gá atá le bearta breise, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, leasuithe d’fhonn raon feidhme na Treorach seo a leathnú chuig réimsí nó gníomhartha breise Aontais, go háirithe an timpeallacht oibre a fheabhsú chun sláinte agus sábháilteacht agus dálaí oibre oibrithe a chosaint.

Anuas ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an úsáid a bhain na Ballstáit as na sásraí comhair atá ann faoi láthair, mar chuid dá n-oibleagáidí obair leantach a dhéanamh ar na tuairiscí maidir le sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus ar bhonn níos leithne, déanfar meastóireacht sa tuarascáil, ar cé mar a dhéanfaidh siad comhoibriú le chéile i gcás sáruithe a mbaineann gné thrasteorann leo.

Airteagal 27 4.
Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, ar fáil don phobal ar bhealach sorochtana.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas