+Airteagal 4 Oibleagáidí tuairiscithe agus caomhnú maidir le hIMUanna
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 4 9.
---+Airteagal 4 10.
|
Airteagal 4 Oibleagáidí tuairiscithe agus caomhnú maidir le hIMUanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Déanfaidh contrapháirtithe in IMUanna mionsonraí aon IMU arna thabhairt i gcrích acu, agus aon mhodhnú nó foirceannadh orthu, a thuairisciú do stór trádála atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 19. Déanfar na mionsonraí sin a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an t-idirbheart a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh. Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos sa chéad fhomhír maidir le hIMUanna:
(a)
a tugadh i gcrích roimh an dáta cur i bhfeidhm ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33(2) agus atá fós amuigh ar an dáta sin, más rud é:
(i)
gur mó ná 180 lá an aibíocht atá fágtha sna hIMUanna sin ar an dáta sin; nó
(ii)
go bhfuil aibíocht oscailte ag na hIMUanna sin agus go bhfuil siad fós ann 180 lá tar éis an dáta sin;
(b)
a thugtar i gcrích ar an dáta ábhartha cur i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33 (2) nó ina dhiaidh sin.
Tuairisceofar na hIMUanna dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír laistigh de 190 lá tar éis an dáta cur i bhfeidhm ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33(2).
|
|
Airteagal 4 2.
|
Contrapháirtí atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe, féadfaidh sé tuairisciú mionsonraí IMUanna a tharmligean.
|
|
Airteagal 4 3.
|
I gcás ina dtabharfaidh contrapháirtí airgeadais IMU i gcrích le contrapháirtí neamhairgeadais agus nach sáraíonn a chlár comhardaithe teorainneacha dhá cheann ar a laghad de na trí chritéar a leagtar síos in Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
), beidh an contrapháirtí airgeadais freagrach as tuairisciú thar cheann an dá chontrapháirtí. I gcás inar GCUI atá á bhainistiú ag cuideachta bhainistíochta é an contrapháirtí in IMUanna, beidh an chuideachta bhainistíochta freagrach as tuairisciú thar ceann an GCUI sin. I gcás inar CIM é an contrapháirtí in IMUanna, beidh a BCIM freagrach as tuairisciú thar ceann an CIM sin.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Coimeádfaidh contrapháirtithe taifead d’aon IMU atá tugtha i gcrích acu, modhnaithe nó foirceanta acu go ceann cúig bliana ar a laghad tar éis fhoirceannadh an idirbhirt.
|
|
Airteagal 4 5.
|
I gcás nach mbeidh stór trádála ar fáil chun mionsonraí IMUanna a thaifeadadh, áiritheoidh na contrapháirtithe go ndéanfar na mionsonraí sin a thuairisciú don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”). Sna cásanna sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar mhionsonraí uile IMUanna a theastóidh uathu chun a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe féin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Maidir le faisnéis a gheofar faoin Airteagal seo, comhlíonfaidh stórtha trádála agus ÚEUM na forálacha ábhartha maidir le rúndacht, le sláine agus le cosaint faisnéise agus déanfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar amach go háirithe in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar tagairtí in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d’Airteagal 9 de agus do “chonarthaí díorthacha” a fhorléiriú mar thagairtí don Airteagal seo agus do “IMUanna” faoi seach.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Contrapháirtí a thuairiscíonn mionsonraí IMU do stór trádála nó d’ÚEUM, nó eintiteas a thuairiscíonn mionsonraí den sórt sin thar ceann contrapháirtí, ní mheasfar é a bheith ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin.
|
|
Airteagal 4 8.
|
Ní bheidh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe, ar a stiúrthóirí ná ar a fhostaithe de dhroim an nochtaithe sin.
|
|
Airteagal 4 9.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú agus chun comhsheasmhacht leis an tuairisciú a dhéanfar faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus leis na caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, ina sonrófar mionsonraí na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo maidir leis na cineálacha éagsúla IMUanna atá i gceist agus ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad iontu:
(a)
na páirtithe in IMU agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a eascraíonn as;
(b)
an phríomhshuim; an t-airgeadra; na sócmhainní á n-úsáid mar chomhthaobhacht agus a gcineál, a gcáilíocht agus a luach; an modh a úsáidtear chun comhthaobhacht a sholáthar; an bhfuil comhthaobhacht ar fáil lena hathúsáid; i gcásanna ina bhfuil an chomhthaobhacht in-idirdhealaithe ó shócmhainní eile, má rinneadh í a athúsáid; aon athsholáthar comhthaobhachta a rinneadh, an ráta athcheannaigh, an táille iasachta nó an ráta iasachtaithe chorrlaigh; aon chaolchorrlach; an dáta luacha; an dáta aibíochta; an chéad dáta inghlaoite; agus deighleog an mhargaidh.
(c)
ag brath ar an gcineál IMU, mionsonraí maidir leis an méid seo a leanas:
(i)
comhthaobhacht in airgead tirim a ath-infheistiú;
(ii)
urrúis nó tráchtearraí atá á dtabhairt ar iasacht nó á bhfáil ar iasacht.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla sin á bhforbairt, cuirfidh ÚEUM san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na linnte sócmhainní agus forálfaidh sé go bhféadfar sonraí comhthaobhachta leibhéil seasaimh a thuairisciú i gcás inarb iomchuí Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 4 10.
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha chur i bhfeidhm do mhír 1 den Airteagal seo, agus a mhéid is indéanta, comhsheasmhacht leis an tuairisciú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus comhchuibhiú formáidí idir stórtha trádála a áirithiú, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid agus minicíocht na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo maidir leis na cineálacha éagsúla IMUanna atá i gceist. Áireofar san fhormáid sin, go háirithe:
(a)
aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEIanna), nó réamh-aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (réamh-LEIanna) go dtí go gcuirfear an Córas Domhanda Aitheantóirí Eintiteas Dlítheanach chun feidhme go hiomlán;
(b)
uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna); agus
(c)
aitheantóirí uathúla trádála.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla sin á bhforbairt, tabharfaidh ÚEUM aird ar fhorbairtí idirnáisiúnta agus ar na caighdeáin a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda. Cuirfidh ÚEUM na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|