+Airteagal 15 6.

Airteagal 15 6.

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh CMA, mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, sócmhainní leachtacha inaistrithe nó ionstraimí margaidh airgid cé is moite díobhsan a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 a fháil ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní sin ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an tAontas, údarás lárnach nó banc ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach nó an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22;

(b) 

is údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22.

Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a nochtadh d'infheisteoirí CMA, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gçéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad ceanglais Airteagal 17(7).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas