+Airteagal 23 Rialachas an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.

Airteagal 23 Rialachas an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.
Is í an bhainistíocht shinsearach, an comhlacht rialaithe agus, i gcás inarb ann dó, feidhm maoirseachta bhainisteoir CMA a dhéanfaidh an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa a fhormheas.

Beidh tuiscint mhaith ag na páirtithe sin ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus ar na modheolaíochtaí arna gcur i bhfeidhm ag bainisteoir CMA agus beidh miontuiscint acu ar na tuarascálacha bainteacha.

Airteagal 23 2.
Tabharfaidh bainisteoir CMA tuairisc do na páirtithe dá dtagraítear i mír 1 maidir le próifíl riosca creidmheasa an CMA bunaithe ar anailís ar mheasúnú inmheánach an CMA ar cháilíocht chreidmheasa. Beidh minicíocht an tuairiscithe ag brath ar thábhacht agus ar chineál na faisnéise agus déanfar é ar bhonn bliantúil ar a laghad.
Airteagal 23 3.
Áiritheoidh an lucht bainistíochta sinsearach, ar bhonn leanúnach, go bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ag oibriú go cuí.

Cuirfear an bhainistíocht shinsearach ar an eolas go rialta faoi fheidhmíocht an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, na réimsí inar sainaithníodh easnaimh agus faoi stádas iarrachtaí agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun easnaimh a sainaithníodh roimhe sin a fheabhsú.

Airteagal 23 4.
Na daoine a bheidh i mbun nó freagrach as punann CMA a bhainistiú, ní hiad a dhéanfaidh na measúnuithe inmheánacha ar cháilíocht chreidmheasa ná na hathbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanann bainisteoir CMA.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas