+Airteagal 34 1.

Airteagal 34 1.

Déanfaidh bainisteoir CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó bainisteoir CMA de chineál LVNAV nósanna imeachta stuama agus déine um bainistiú leachtachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhme go comhsheasmhach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na tairseacha leachtachta seachtainiúla is infheidhme maidir leis na cistí sin. Tabharfar tuairisc shoiléir ar na nósanna imeachta bainistithe leachtachta i rialacha an chiste nó sna hionstraimí corpraithe, agus sa réamheolaire freisin.

Agus comhlíonadh na dtairseach leachtachta á n-áirithiú, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

aon uair a thiteann coibhneas na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil mar a leagtar amach i bpointe (e) d'Airteagal 24(1) iad faoi bhun 30 % d'iomlán shócmhainní an CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó an CMA de chineál LVNAV agus gur mó na glanfhuascailtí laethúla i lá oibre aonair ná 10 %, cuirfidh bainisteoir an CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó an CMA de chineál LVNAV an méid sin in iúl láithreach dá bhord, agus déanfaidh an bord measúnú doiciméadaithe ar an staid chun a chinneadh cad atá le déanamh agus aird á tabhairt aige ar leasanna na n-infheiteoirí, agus déanfaidh sé cinneadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i) 

táillí leachtachta ar fhuascailtí ar léiriú leormhaith iad ar an gcostas a chuirtear ar an CMA chun leachtacht a ghnóthú agus ar táillí iad lena n-áiríthítear nach mbeidh infheisteoirí a fhanann sa chiste faoi aon mhíbhuntáiste mhíchothrom nuair a fhuasclaíonn infheisteoirí eile a n-aonaid nó a scaireanna le linn na tréimhse;

(ii) 

geataí fuascailte lena gcuirtear teorainn le líon na scaireanna nó na n-aonad atá le fuascailt ar aon lá oibre amháin arb é uasmhéid na teorann sin ná 10 % de scaireanna nó aonaid an CMA d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre;

(iii) 

fionraí ar fhuascailtí d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre; nó

(iv) 

gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh láithreach seachas an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 24(2) a chomhlíonadh;

(b) 

aon uair a thiteann coibhneas na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil mar a leagtar amach i bpointe (e) d'Airteagal 24(1) iad faoi bhun 10 % d'iomlán a shócmhainní, cuirfidh bainisteoir CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó CMA de chineál LVNAV an méid sin in iúl láithreach dá bhord, agus déanfaidh an bord measúnú doiciméadaithe ar an staid agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin agus ag féachaint do leas na n-infheisteoirí, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm agus coinneoidh sé cuntas doiciméadach ar na cúiseanna a bhí lena rogha:

(i) 

táillí leachtachta ar fhuascailtí ar léiriú leormhaith iad ar an gcostas a chuirtear ar an CMA chun leachtacht a ghnóthú agus ar táillí iad lena n-áiríthítear nach mbeidh infheisteoirí a fhanann sa chiste faoi aon mhíbhuntáiste míchothrom nuair a fhuasclaíonn infheisteoirí eile a n-aonaid nó a scaireanna le linn na tréimhse;

(ii) 

fionraí ar fhuascailtí d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas