+Airteagal 11 Ceanglais stuamachta
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
---+Airteagal 11 6
---+Airteagal 11 7
---+Airteagal 11 8
---+Airteagal 11 9
|
Airteagal 11 Ceanglais stuamachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Beidh coimircí stuamachta i bhfeidhm, i gcónaí, ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin arb ionann iad agus, ar a laghad, an méid is airde díobh seo a leanas:
|
(b)
|
an ceathrú cuid d’fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin, arna n-athbhreithniú go bliantúil, ina bhfuil an costas a bhaineann le hiasachtaí a sheirbhísiú ar feadh trí mhí le bheith san áireamh, i gcás ina n-éascaíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin freisin iasachtaí a dheonú.
|
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Beidh na ceanglais stuamachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
|
(a)
|
cistí dílse, arb éard a bheidh iontu ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) tar éis na n-asbhaintí ina n-iomláine, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan cur i bhfeidhm na ndíolúintí tairsí de bhun Airteagail 46 agus 48 den Rialachán sin;
|
|
(b)
|
polasaí árachais lena gcumhdaítear críocha an Aontais ina ndéantar tairiscintí sluachistiúcháin a mhargú go gníomhach nó ina ndéantar ráthaíocht inchomparáide leo; nó
|
|
(c)
|
meascán de phointí (a) agus (b).
|
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar gnóthais iad, ar bhonn aonair nó ar bhonn a gcás comhdhlúite, atá faoi réir Theideal III de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar gnóthais iad atá faoi réir Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2009/110/CE nó Airteagail 7 go 9 de Threoir (AE) 2015/2366.
|
|
Airteagal 11 5
|
5. I gcás ina mbeidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ag feidhmiú ar feadh níos lú ná 12 mhí, féadfaidh sé meastacháin réamhbhreathnaitheacha gnó a úsáid chun na forchostais sheasta a ríomh, ar an gcoinníoll go dtosóidh sé ag úsáid sonraí stairiúla a thúisce a thiocfaidh siad chun bheith ar fáil.
|
|
Airteagal 11 6
|
6. Áireofar sa pholasaí árachais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 go mbeidh na saintréithe seo a leanas uile, ar a laghad, ag baint leis:
|
(a)
|
tá aige téarma tosaigh nach lú ná bliain amháin;
|
|
(b)
|
is 90 lá ar a laghad an íostréimhse fógartha chun é a chur ar ceal;
|
|
(c)
|
faightear é ó ghnóthas atá údaraithe chun árachas a sholáthar, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;
|
|
(d)
|
cuireann eintiteas tríú páirtí é ar fáil.
|
|
|
Airteagal 11 7
|
7. Áireofar leis an bpolasaí árachais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, i measc nithe eile, cosaint ar na rioscaí seo a leanas:
|
(a)
|
caillteanas doiciméad;
|
|
(b)
|
mífhaisnéis nó ráitis mhíthreoracha a rinneadh;
|
|
(c)
|
gníomhartha, earráidí nó easnaimh arb é an toradh a bheidh orthu sárú:
|
(i)
|
oibleagáidí dlíthiúla agus rialála;
|
|
(ii)
|
an dualgas scile agus cúraim i leith an chliaint;
|
|
(iii)
|
oibleagáidí rúndachta;
|
|
|
(d)
|
mainniú maidir le nósanna imeachtaí cuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil;
|
|
(e)
|
caillteanais a eascraíonn as suaitheadh gnó, as teipeanna córais nó as bainistiú próisis;
|
|
(f)
|
i gcás inarb infheidhme maidir leis an tsamhail ghnó, mórfhaillí i gcomhlíonadh luacháil sócmhainní nó praghsáil agus scóráil creidmheasa.
|
|
|
Airteagal 11 8
|
8. Chun críocha phointe (b) de mhír 1, ríomhfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhforchostais sheasta don bhliain roimhe sin, trí fhigiúirí a eascraíonn as an gcreat cuntasaíochta is infheidhme a úsáid, trí na hítimí seo a leanas a dhealú ó na costais iomlána ach brabús dáilte ar scairshealbhóirí sna ráitis airgeadais iniúchta bliantúla is déanaí a ndearnadh iniúchadh orthu, nó, i gcás nach mbíonn fáil ar ráitis iniúchta, i ráitis airgeadais bhliantúla arna mbailíochtú ag maoirseoirí náisiúnta:
|
(a)
|
bónais foirne agus luach saothair eile, a mhéid a bhraitheann siad ar ghlanbhrabús an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sa bhliain ábhartha;
|
|
(b)
|
scaireanna brabúis de chuid fostaithe, stiúrthóirí agus comhpháirtithe;
|
|
(c)
|
leithreasú eile brabúis agus luach saothair inathraithe eile, a mhéid atá siad roghnach go hiomlán;
|
|
(d)
|
coimisiún comhroinnte agus táillí iníoctha a bhaineann go díreach le coimisiún agus le táillí iníoctha a áirítear san ioncam iomlán, agus i gcás ina bhfuil íocaíocht an choimisiúin agus na dtáillí iníoctha á gcur faoi choinníoll an coimisiún agus na táillí a fháil go hiarbhír; agus
|
|
(e)
|
costais neamh-athfhillteacha ó ghníomhaíochtaí neamhchoitianta.
|
|
|
Airteagal 11 9
|
9. I gcás ina mbeidh costais sheasta tabhaithe ag tríú páirtithe, thar ceann na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, agus nach mbeidh na costais sheasta sin san áireamh cheana féin sna costais iomlána, dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ceann de na bearta seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina mbeidh miondealú ar chostais na dtríú páirtithe sin ar fáil, suim na gcostas seasta a thabhóidh na tríú páirtithe thar a gceann a chinneadh agus siad an tsuim sin a chur leis an bhfigiúr a eascraíonn as mír 8;
|
|
(b)
|
i gcás nach mbeidh an miondealú ar chostais na dtríú páirtithe sin ar fáil, suim na gcostas a thabhóidh na tríú páirtithe thar a gceann de réir phleananna gnó na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chinneadh agus an tsuim sin a chur leis an bhfigiúr a eascraíonn as mír 8.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|