1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 12 seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar i mBallstát seachas an Ballstát ar dheonaigh a údarás inniúil a údarú i gcomhréir le hAirteagal 12, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a thíolacadh chuig an údarás inniúil arna ainmniú mar phointe teagmhála aonair i gcomhréir le hAirteagal 29(2), ag an mBallstát inar deonaíodh an t-údarú:
|
(a)
|
liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar;
|
|
(b)
|
céannacht na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar sna Ballstáit sin;
|
|
(c)
|
dáta tosaithe an tsoláthair seirbhísí sluachistiúcháin atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(d)
|
liosta d’aon ghníomhaíochtaí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.
|