4. I gcás nach soláthraíonn infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha an fhaisnéis is gá de bhun mhír 2, nó i gcás ina measann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar bhonn na faisnéise arna fáil faoin mír sin, gur eolas, scileanna nó taithí neamhleor atá ag na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha sin ar an eolas go bhféadfadh na seirbhísí atá á dtairiscint ar a n-ardáin sluachistiúcháin a bheith míchuí dóibh agus eiseoidh siad rabhadh riosca dóibh. Sa rabhadh riosca sin, luafar go soiléir an riosca go gcaillfear an méid iomlán den airgead a infheistítear. Aithneoidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha go sainráite go bhfuair siad agus gur thuig siad an rabhadh a d’eisigh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.