8. Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na socruithe is gá a shonrú maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;
|
|
(b)
|
an t-ionsamhlú dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh;
|
|
(c)
|
an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a sholáthar.
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.