4. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla náisiúnta agus ESMA.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.