3. Cuirfidh údaráis inniúla ESMA ar an eolas faoi na pionóis riaracháin uile agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur nár foilsíodh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon achomharc lena mbaineann agus toradh an achomhairc sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon phionós coiriúil arna fhorchur agus go gcuirfear an méid sin a thíolacadh chuig ESMA. Chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na críche sin amháin, coinneoidh ESMA bunachar lárnach sonraí de na pionóis agus na bearta riaracháin arna gcur in iúl dó. Ní bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin ach ag ESMA, ag ÚBE, agus ag na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na húdaráis inniúla.