3. Faoin 10 Bealtaine 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin ar bhonn náisiúnta amháin agus ar thionchar an Rialacháin seo ar fhorbairt margaí sluachistiúcháin náisiúnta agus ar rochtain ar mhaoiniú. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhadú uair amháin ar feadh tréimhse 12 mhí.