|
+Airteagal 15 7. |
Airteagal 15 7.De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 6, féadfaidh na Ballstáit, ar shlí a léireoidh prionsabail fhónta stuamachta agus i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, a cheadú go gcuirfear san áireamh an t‐ús is infhaighte amach anseo ar an tsócmhainn chumhdaigh glan ón ús is iníoctha ar an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach chun cothromaíocht a bhaint amach idir aon ghannchion sa chumhdach i ndáil leis an oibleagáid i dtaca le híoc na príomhshuime a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach, i gcás ina mbeidh dlúthchomhar ann faoi mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)
maidir le híocaíochtaí a fuarthas le linn shaolré na sócmhainne cumhdaigh agus atá riachtanach le haghaidh chumhdach na hoibleagáide íocaíochta a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach, déantar iad a leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12 nó déantar iad a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh i bhfoirm sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 go dtí go mbeidh na híocaíochtaí dlite; agus
(b)
ní féidir an tsócmhainn chumhdaigh a réamhíoc ach amháin tríd an rogha seachadta a fheidhmiú, mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó, i gcás bannaí faoi chumhdach inghlaoite ar par ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, trí pharmhéid na sócmhainne cumhdaigh ar a laghad a bheith íoctha ag iasachtaí na sócmhainne cumhdaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|