|
+Airteagal 17 1. |
Airteagal 17 1.Féadfaidh na Ballstáit eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte a cheadú i gcás ina n‐áiritheofar cosaint d’infheisteoirí tríd an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
ní féidir an aibíocht a fhadú ach faoi réir truicir oibiachtúla arna sonrú sa dlí náisiúnta, agus gan faoi réir rogha na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;
(b)
sonraítear na truicir sínte aibíochta sna téarmaí conarthacha agus i gcoinníollacha an bhanna faoi chumhdach;
(c)
is leor an fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí faoin struchtúr aibíochta chun iad a chumasú priacal an bhanna faoi chumhdach a chinneadh, agus áirítear léi cur síos mionsonraithe ar an méid a leanas:
(i)
na truicir sínte aibíochta;
(ii)
iarmhairtí i leith síneadh aibíochta i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;
(iii)
ról na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) agus, i gcás inarb ábhartha, an riarthóra speisialta maidir leis an síneadh aibíochta;
(d)
is inchinnte i gcónaí dáta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach;
(e)
i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, ní dhéanann síntí aibíochta difear do rangú infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach nó ní dhéanann siad seicheamhú sceideal aibíochta bunaidh na gclár bannaí faoi chumhdach a aisiompú;
(f)
ní athraíonn an síneadh aibíochta gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach maidir leis an dé-iontaoibh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an scoiteacht féimheachta dá dtagraítear in Airteagal 5. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|