+Airteagal 1 Bunú
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
|
Airteagal 1 Bunú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Bunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS). Is in Frankfurt am Main a bheidh a shuíomh.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Beidh an BERS ina chuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA), arb é an cuspóir atá leis an gcóras sin ná maoirseacht ar chóras airgeadais an Aontais a áirithiú.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:
(b)
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
(c)
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
(d)
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(e)
Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (Comhchoiste) dá bhforáiltear le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(f)
na húdaráis inniúla nó maoirseachta sna Ballstáit mar a shonraítear i ngníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 1 4.
|
De bhun phrionsabal an chomhair dhílis i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, rachaidh páirtithe sa CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun a áirithiú, go háirithe, go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa ann eatarthu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|