|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “institiúid airgeadais” aon ghnóthas a thagann faoi réim raon feidhme na reachataíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, mar aon le haon ghnóthas nó eintiteas eile san Aontas ar de chineál comhchosúil a phríomhghnó;
(b)
ciallaíonn “córas airgeadais” na hinstitiúidí airgeadais go léir, na margaí airgeadais go léir, na táirgí airgeadais go léir agus na bonneagair mhargaidh airgeadais go léir;
(c)
ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca go mbeidh suaitheadh ann sa chóras airgeadais, ar suaitheadh é a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige d’fhíorgheilleagar an Aontais nó d’fhíorgheilleagar Ballstáit amháin nó níos mó agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Is maith a d’fhéadfadh, go pointe áirithe, gach cineál idirghabhálaí airgeadais, margaidh airgeadais agus bonneagair airgeadais a bheith suntasach go sistéamach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|