+Airteagal 9 Cruinnithe an Bhoird Ghinearálta
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.

Airteagal 9 Cruinnithe an Bhoird Ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Comórfaidh Cathaoirleach an BERS gnáthchruinnithe iomlánacha an Bhoird Ghinearálta agus beidh na cruinnithe sin ann ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe urghnácha a chomóradh ar thionscnamh Chathaoirleach an BERS nó arna iarraidh sin do thrian, ar a laghad, de chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta a bhfuil cearta vótála acu.
Airteagal 9 2.
Beidh gach comhalta i láthair go pearsanta ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus ní dhéanfar ionadaíocht ar aon chomhalta.
Airteagal 9 3.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh comhalta nach féidir leis freastal ar na cruinnithe ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad malartach a cheapadh. Féadfaidh duine a cheapfar go foirmiúil faoi na rialacha lena rialaítear an institiúid lena mbaineann maidir le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann ionadaithe ar bhonn sealadach ionad an chomhalta sin a ghlacadh freisin.
Airteagal 9 4.
I gcás inarb iomchuí, féadfar a iarraidh ar ionadaithe ardleibhéil ó eagraíochtaí airgeadais idirnáisiúnta a sheolann gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le cúraimí BERS a leagtar amach in Airteagal 3(2), nó ar uachtarán Pharlaimint na hEorpa nó ar a hionadaithe ar ábhair a bhaineann le dlí an Aontais i réimse an bheartais macrastuamachta freastal ar chruinnithe an Bhoird Ghinearálta.
Airteagal 9 5.
Féadfar rannpháirtíocht in obair BERS a bheith oscailte d’ionadaithe ardleibhéil ó na húdaráis ábhartha ó thríú tíortha nuair is ábhartha sin don Aontas. Féadfaidh BERS socruithe a dhéanamh lena sonrófar, go háirithe, cineál, raon feidhme agus gnéithe nós imeachta rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin in obair BERS. Féadfar foráil a dhéanamh le socruithe den sórt sin maidir le hionadaíocht, ar bhonn ad hoc, mar bhreathnadóir, ar an mBord Ginearálta agus níor cheart baint a bheith ag na socruithe sin ach amháin le nithe atá ábhartha don Aontas, gan aon chás a áireamh ina bhféadfar plé a bheith ann faoi staid institiúidí airgeadais aonair nó staid Bhallstáit aonair.
Airteagal 9 6.
Beidh imeachtaí na gcruinnithe rúnda. Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh tuairisc phoiblí a thabhairt ar an bplé, faoi réir ceanglais ábhartha rúndachta agus ar bhealach nach mbeifear in ann comhaltaí aonair an Bhoird Ghinearálta nó institiúidí aonair a aithint uaithi. Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh preasagallaimh a reáchtáil i ndiaidh a chruinnithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas