+Airteagal 12 Coiste Comhairleach Eolaíoch
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.

Airteagal 12 Coiste Comhairleach Eolaíoch

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Beidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil agus de 15 saineolaí a bheidh ionadaíoch do raon leathan scileanna, taithí agus eolais a bhaineann le hearnálacha ábhartha uile na margaí airgeadais, arna moladh ag an gCoiste Stiúrtha agus arna bhformheas ag an mBord Ginearálta le haghaidh tréimhse oifige inathnuaite ceithre bliana. Ní bheidh na hainmnithigh ina gcomhaltaí de na ÚMEnna agus roghnófar iad ar bhonn a n-inniúlachta ginearálta mar aon lena dtaithí ilchineálach i réimsí acadúla nó in earnálacha eile, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide nó i gceardchumainn, nó mar sholáthraithe nó tomhaltóirí seirbhísí airgeadais.
Airteagal 12 2.
Is é an Bord Ginearálta a cheapfaidh an Cathaoirleach agus an bheirt Leas-Chathaoirleach den Choiste Chomhairleach Eolaíoch tar éis do Chathaoirleach BERS iad a mholadh agus beidh ardleibhéal saineolais agus eolais ábhartha acu faoi seach, mar shampla de bhua a gcúlra ábhartha acadúil agus gairmiúil in earnáil na baincéireachta, in earnáil na margaí urrúis, nó in earnáil an árachais agus na bpinsean ceirde. Socrófar ról Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíochta ar bhonn uainíochta idir an triúr sin.
Airteagal 12 3.
Déanfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairle agus cúnamh a sholáthar do BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5), arna iarraidh sin do Chathaoirleach BERS nó an don Bhord Ginearálta.
Airteagal 12 4.
Tacóidh Rúnaíocht an BERS le hobair an Choiste Chomhairligh Eolaíoch agus glacfaidh ceann na Rúnaíochta páirt ina chruinnithe.
Airteagal 12 5.
I gcás inarb iomchuí, eagróidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairliúcháin le geallsealbhóirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí tomhaltóra agus saineolaithe acadúla, go luath agus ar shlí oscailte thrédhearcach agus aird á tabhairt ar cheanglas na rúndachta. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.
Airteagal 12 6.
Soláthrófar gach rud is gá don Choiste Comhairleach Eolaíoch lena chur ar a chumas a chuid cúraimí a thabhairt chun críche go rathúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas