+Airteagal 17 Bearta a leanann as moltaí ón BERS
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
|
Airteagal 17 Bearta a leanann as moltaí ón BERS
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Má dhírítear moladh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) chuig ceann de na seolaithe a liostaítear in Airteagal 16(2), cuirfidh an seolaí in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS na gníomhaíochtaí arna ndéanamh mar fhreagairt ar an moladh agus tabharfaidh sé bunús le haon easpa gníomhaíochta uaidh. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, na freagraí a fuair sé a chur in iúl do na ÚMEnna gan mhoill.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Má chinneann BERS nár gníomhaíodh de réir a mholta nó gur mhainnigh an seolaí nó na seolaithe údar leordhóthanach a thabhairt i leith na neamhghníomhaíochta, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, an méid sin a chur in iúl do na seolaithe, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na ÚMEnna lena mbaineann.
|
|
Airteagal 17 3.
|
I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an BERS faoi mhír 2 maidir le moladh a poiblíodh de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 18(1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an BERS an cinneadh sin a thíolacadh agus féadfaidh na seolaithe iarraidh a dhéanamh chun bheith rannpháirteach i malartú tuairimí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|