+Airteagal 19 Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.

Airteagal 19 Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
Uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás cruachás forleathan airgeadais, tabharfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa cuireadh do Chathaoirleach BERS a bheith i láthair ag éisteacht i bParlaimint na hEorpa ag an tráth a fhoilsítear tuarascáil bhliantúil BERS do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfar an éisteacht sin a sheoladh ar leithligh ón idirphlé airgeadaíochta idir Parlaimint na hEorpa agus Uachtarán BCE.
Airteagal 19 2.
Beidh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis a chinnfidh an Bord Ginearálta a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fáil don phobal agus áireofar inti cuntas ar na hacmhainní a chuirtear ar fáil do BERS i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010.
Airteagal 19 3.
Scrúdóidh an BERS saincheisteanna sonracha freisin arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún.
Airteagal 19 4.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an BERS freastal ar éisteacht de chuid na gCoistí inniúla de Pharlaimint na hEorpa.
Airteagal 19 5.
Déanfaidh Cathaoirleach an BERS, dhá uair sa bhliain ar a laghad agus níos minice ná sin má mheastar gurb iomchuí sin, pléití rúnda ó bhéal faoi ghníomhaíocht leanúnach an BERS a sheoladh i seomra iata le Cathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Déanfar comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an BERS maidir leis na modúlachtaí mionsonraithe chun na cruinnithe sin a eagrú, d’fhonn lán-rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 8 a áirithiú. Tabharfaidh an BERS cóip den chomhaontú sin don Chomhairle.
Airteagal 19 6.
Tabharfaidh BERS freagra ó bhéal nó i scríbhinn ar cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air. Tabharfaidh sé freagra ar na ceisteanna sin gan moill mhíchuí. Nuair a tharchuirfear faisnéis rúnda, áiritheoidh Parlaimint na hEorpa rúndacht iomlán na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le mír 5 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas