|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “íocaíocht trasteorann” idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit dhifriúla.
(2)
ciallaíonn “íocaíocht náisiúnta” idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.
(3)
ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta.
(4)
ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ceaptha mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta.
(5)
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” aon cheann de chatagóirí de dhaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/2366 agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Treoir sin, ach déanann sé na hinstitiúidí sin a eisiamh atá liostaithe i bpointe (2) go pointe (23) d’Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) a thairbhíonn de tharscaoileadh Ballstáit arna fheidhmiú faoi Airteagal 2(5) de Threoir (AE) 2015/2366.
(6)
ciallaíonn “úsáideoir seirbhíse íocaíochta” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó mar íocaí, nó sa dá cháil.
(7)
ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó ag íocaí nó trí íocaí, lena gcuirtear, lena n-aistrítear nó lena n-aistarraingítear cistí, beag beann ar aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí.
(8)
ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir a thugann íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta.
(9)
ciallaíonn “muirear” aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta ar méid é atá nasctha go díreach nó go hindíreach le hidirbhearta íocaíochta, aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta nó páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra i gcomhréir le hAirteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta le haghaidh seirbhís comhshó airgeadra, nó teaglaim díobh sin.
(10)
ciallaíonn “cistí” nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).
(11)
ciallaíonn “tomhaltóir” duine dlítheanach atá ag gníomhú chun críocha eile seachas a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm.
(12)
ciallaíonn “micreaghnóthas” gnóthas ar gnóthas é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 3 ).
(13)
ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar idir soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí do gach idirbheart dochair dhírigh.
(14)
ciallaíonn “dochar díreach” seirbhís íocaíochta ina gcuirtear cuntas íocaíochta íocóra do dhochar, i gcás ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn chomhthoil an íocóra, comhthoil do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nó do sholáthraí seirbhíse íocaíochta féin an íocóra.
(15)
ciallaíonn “scéim dochair dhírigh” sraith choiteann rialacha, cleachtas agus caighdeán arna n-aontú idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta maidir le hidirbhearta dochair dhírigh a fhorghníomhú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|