Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i gcás ina gceanglófaí le hAirteagal 5b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, maidir le haistriú creidmheasa meandrach, muirear a thobhach a bheadh níos ísle ná an muirear a thoibheofaí, maidir leis an aistriú creidmheasa meandrach céanna, dá gcuirfí mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm.
Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, ciallaíonn an téarma “aistriú creidmheasa meandrach” aistriú creidmheasa meandrach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1a), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, atá in euro agus trasteorann.