+Airteagal 2 2
|
Airteagal 2 2
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
rátálacha ESG príobháideacha nach bhfuil beartaithe lena nochtadh go poiblí ná lena ndáileadh;
|
|
(b)
|
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas a úsáidtear go heisiach chun críoch inmheánach nó chun seirbhísí nó táirgí airgeadais inmheánacha nó inghrúpa a sholáthar;
|
|
(c)
|
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas:
|
(i)
|
a ionchorpraítear i dtáirge nó i seirbhís, i gcás ina rialaítear táirgí nó seirbhísí den sórt sin cheana faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), Rialachán (AE) 2019/2088, Treoracha 2013/36/AE (18), (AE) 2014/65/AE, 2009/138/CE (19), 2009/65/CE (20), 2011/61/AE (21) agus (AE) 2016/2341 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2020/1503 (23), (AE) 2023/1114 (24) agus (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; agus
|
|
(ii)
|
a nochtar do thríú páirtí.
|
Sna cásanna a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír den phointe seo, i gcás ina nochtann gnóthas airgeadais rialáilte san Aontas rátáil ESG do thríú páirtithe mar chuid dá chumarsáid mhargaíochta, áireoidh sé ar a shuíomh gréasáin an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear le pointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus nochtfaidh sé nasc chuig na nochtaí suímh gréasáin sin sa chumarsáid mhargaíochta sin, ach amháin i gcás ina bhfuil sé faoi réir Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2019/2088.
Déanfaidh údaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha earnála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo faireachán ar cheanglais na chéad fhomhíre den phointe seo a bheith á gcomhlíonadh ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas, i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha reachtacha earnála sin;
|
|
(d)
|
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas nach bhfuil údaraithe ná aitheanta faoi Theideal II agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
(i)
|
dáiltear an rátáil ESG ar thionscnamh eisiach an úsáideora rátála ESG atá bunaithe san Aontas gan aon teagmháil, sirtheoireacht, cur chun cinn, fógraíocht ná aon tionscnamh eile a bheith déanta roimh ré ag an soláthraí rátála ESG, nó ag aon tríú páirtí thar ceann an tsoláthraí; maidir le rátáil ESG arna dáileadh san Aontas ag soláthraí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a n-éiríonn a sciar den mhargadh san Aontas le haghaidh a ghníomhaíochtaí rátála ESG suntasach nó a bhfuil suíomh gréasáin aige i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad, ar teanga í nach gnách a bheith ann i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, ní mheasfar í a bheith dáilte ar thionscnamh eisiach an úsáideora rátála ESG féin.
Le tionscnamh eisiach an úsáideora rátála ESG féin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo, ní bheidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas i dteideal rátálacha ESG a dháileadh ar an úsáideoir sin arís agus arís eile ná rátálacha ESG a dháileadh ar aon úsáideoir rátálacha ESG eile san Aontas;
|
|
(ii)
|
ní ann d’aon rud le cur in ionad na rátálacha arna dtairiscint ag aon soláthraí rátála ESG a údaraítear faoin Rialachán seo;
|
|
|
(e)
|
foilsiú nó dáileadh sonraí maidir le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus le fachtóirí rialachais;
|
|
(f)
|
rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus aon scóir nó measúnuithe a bhaineann le ESG a tháirgtear nó a fhoilsítear mar chuid de na modheolaíochtaí le haghaidh rátálacha creidmheasa nó mar ionchur nó mar aschur ón measúnú acmhainneachta creidmheasa;
|
|
(g)
|
táirgí nó seirbhísí ina n-ionchorpraítear gné de rátáil ESG, lena n-áirítear taighde infheistíochta mar a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE;
|
|
(h)
|
athbhreithnithe seachtracha ar Bhannaí Glasa Eorpacha, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/2631;
|
|
(i)
|
athbhreithnithe seachtracha nó tuairimí dara páirtí ar bhannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, bannaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht, agus bannaí, iasachtaí agus cineálacha eile ionstraimí fiachais a mhargaítear mar bhannaí, iasachtaí agus cineálacha eile ionstraimí fiachais atá inbhuanaithe, a mhéid nach ann do rátálacha ESG arna n-eisiúint ag an athbhreithneoir seachtrach nó ag an soláthraí tuairime dara páirtí in athbhreithnithe seachtracha agus i dtuairimí dara páirtí den sórt sin;
|
|
(j)
|
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó ag údaráis phoiblí de chuid na mBallstát nuair nach ndéantar rátálacha den sórt sin a fhoilsiú nó a dháileadh chun críoch tráchtála;
|
|
(k)
|
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag soláthraí rátála ESG údaraithe i gcás ina bhfoilsíonn nó ina ndáileann tríú páirtí rátálacha den sórt sin;
|
|
(l)
|
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag comhaltaí de Chóras Eorpach na mBanc Ceannais i gcás nach bhfoilsítear nó nach ndáiltear rátálacha den sórt sin chun críoch tráchtála;
|
|
(m)
|
nochtaí éigeantacha de bhun Airteagail 6, 8, 9, 10, 11 agus 13 de Rialachán (AE) 2019/2088;
|
|
(n)
|
nochtaí de bhun Airteagail 5, 6 agus 8 de Rialachán (AE) 2020/852;
|
|
(o)
|
rátálacha ESG arna bhforbairt go heisiach le haghaidh próisis chreidiúnúcháin nó deimhniúcháin, nach bhfuil dírithe ar anailís infheistíochta, anailís airgeadais, cinnteoireacht infheistíochta ná ar chinnteoireacht airgeadais;
|
|
(p)
|
gníomhaíochtaí lipéadaithe ar choinníoll nach bhfuil nochtadh rátála ESG i gceist leis na lipéid a dheonaítear do na heintitis ábhartha, do na hionstraimí airgeadais nó do na táirgí airgeadais;
|
|
(q)
|
rátálacha ESG a fhoilsíonn nó a dháileann eagraíochtaí neamhbhrabúis chun críoch neamhthráchtála.
|
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (q), i gcás ina ngearrann eagraíochtaí neamhbhrabúis muirear ar mhíreanna rátáilte nó ar eisitheoirí míreanna rátáilte chun sonraí a thuairisciú nó chun rátáil a fháil trína n-ardán, nó i gcás ina ngearrann siad muirear ar úsáideoirí rátálacha ESG chun rochtain a fháil ar aon fhaisnéis faoi rátálacha ESG, is faoi cheanglais an Rialacháin seo a bheidh siad.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|