+Airteagal 5 Córas sealadach le haghaidh soláthraithe rátála ESG beaga
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
|
Airteagal 5 Córas sealadach le haghaidh soláthraithe rátála ESG beaga
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. De mhaolú ar Airteagal 4, maidir le soláthraí rátála ESG a aicmítear mar ghnóthas beag nó mar ghrúpa beag de réir bhrí Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, nó Airteagal 3(5), an chéad fhomhír, faoi seach, de Threoir 2013/34/AE (an ‘soláthraí rátála ESG beag’) atá bunaithe san Aontas agus ar mian leis oibriú san Aontas, ní bheidh sé ach faoi réir Airteagal 15(1), (5) agus (7), Airteagail 23 agus 24 agus Airteagail 32 go 37 den Rialachán seo, ar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
go dtugann sé fógra do ESMA go bhfuil sé ar intinn aige oibriú san Aontas; agus
|
|
(b)
|
gur chláraigh ESMA é sular thosaigh sé ag feidhmiú san Aontas.
|
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Laistigh de 90 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a fháil, cinnfidh ESMA cibé an fógróir a chlárú mar sholáthraí rátála ESG beag. Cuirfidh ESMA an fógróir ar an eolas faoina chinneadh laistigh de 5 lá oibre uaidh.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. I gcás ina scoirtear de sholáthraí rátála ESG dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aicmiú mar sholáthraí rátála ESG beag, nó 3 bliana tar éis a chlárúcháin i gcomhréir le mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, cibé acu is túisce a tharlóidh, beidh an soláthraí rátála ESG faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo agus déanfaidh sé iarratas laistigh de 6 mhí ar údarú chun oibriú san Aontas de bhun Chaibidil 1 den Teideal seo.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Féadfaidh na soláthraithe rátála ESG dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a roghnú a bheith páirteach sa Rialachán seo trí iarratas ar údarú a chur chuig ESMA de bhun Airteagal 6. I gcás ina roghnaíonn soláthraithe rátála ESG a bheith páirteach, beidh an Rialachán seo infheidhme maidir leo ina iomláine.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|