1. Déanfaidh ESMA cinneadh a ghlacadh lena ndéantar údarú soláthraí rátála ESG dá dtagraítear in Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar sa chás go bhfuil an méid seo a leanas déanta ag an soláthraí rátála ESG:
|
(a)
|
tá sé tar éis an t-údarú a thréigean go sainráite nó níl aon rátálacha ESG curtha ar fáil aige ar feadh an 12 mhí roimhe sin;
|
|
(b)
|
tá a údarú faighte aige trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar mhodhanna neamhrialta ar bith eile;
|
|
(c)
|
ní chomhlíonann sé na coinníollacha faoinar údaraíodh é a thuilleadh; nó
|
|
(d)
|
tá sárú tromchúiseach déanta aige ar an Rialachán seo nó tá sé tar éis é a shárú arís agus arís eile.
|