+Airteagal 26 Coinbhleachtaí leasa a bhainistiú a d’fhéadfadh eascairt as fostaithe
---+Airteagal 26 1
---+Airteagal 26 2

Airteagal 26 Coinbhleachtaí leasa a bhainistiú a d’fhéadfadh eascairt as fostaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1

1.   Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG gur fíor an méid seo a leanas maidir lena bhfostaithe agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil acu nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar rátáil ESG:

(a)

go bhfuil na scileanna is gá acu chun a gcúraimí agus a ndualgais a chomhlíonadh agus go bhfuil siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach;

(b)

nach bhfuil siad faoi réir tionchar míchuí nó coinbhleachtaí leasa;

(c)

nach gcúitítear iad agus nach ndéantar meastóireacht ar a bhfeidhmíocht ar bhealach a chruthóidh coinbhleachtaí leasa nó a chuirfeadh isteach ar shláine an phróisis cinnteoireachta rátálacha ESG ar shlí eile;

(d)

nach bhfuil aon leasanna ná naisc ghnó acu a chuireann isteach ar ghníomhaíochtaí an tsoláthraí rátála ESG;

(e)

go bhfuil toirmeasc orthu rannchuidiú le cinneadh rátála ESG trí dhul i mbun tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola agus trádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, ach amháin i gcás ina gceanglaítear go sainráite an rannchuidiú sin mar chuid den mhodheolaíocht rátála ESG agus ina bhfuil sé faoi réir rialacha sonracha a leagtar síos sa mhodheolaíocht sin; agus

(f)

go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise a rialú le fostaithe eile atá páirteach i ngníomhaíochtaí a d’fhéadfadh riosca coinbhleachtaí leasa a chruthú nó le tríú páirtithe, i gcás ina bhféadfadh an fhaisnéis sin difear a dhéanamh don rátáil ESG.

Airteagal 26 2

2.   Bunóidh soláthraithe rátála ESG nósanna imeachta sonracha maidir le rialú inmheánach chun sláine agus iontaofacht an fhostaí nó an duine a chinnfidh an rátáil ESG a áirithiú, lena n-áirítear formheas inmheánach na bainistíochta sula ndáilfear an rátáil ESG.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas