+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 2 6.
---+Airteagal 2 7.
---+Airteagal 2 8.
|
Airteagal 2 Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht Ballstáit agus a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
▼M2
(a)
bhí níos mó ná 5 000 fostaí ag an gcuideachta ar an meán agus bhí glanláimhdeachas domhanda ar mó é ná EUR 1 500 000 000 aici sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith;
▼B
(b)
níor shroich an chuideachta na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (a) ach is máthairchuideachta deiridh grúpa í ar grúpa é a shroich na tairseacha sin sa bhliain airgeadais dheireanach dár glacadh nó dár cheart ráitis airgeadais chomhdhlúite bhliantúla a bheith glactha;
▼M2
(c)
chuaigh an chuideachta isteach i ngrúpa nó is í an mháthairchuideachta deiridh ar ghrúpa í an chuideachta a rinne comhaontuithe saincheadúnais nó ceadúnúcháin san Aontas i gcomaoin ríchíosanna le cuideachtaí neamhspleácha tríú páirtí, i gcás ina n-áirithítear leis na comhaontuithe sin céannacht choiteann, coincheap comhchoiteann gnó agus cur i bhfeidhm modhanna gnó aonfhoirmeacha, agus i gcás inar mhó na ríchíosanna sin ná EUR 75 000 000 sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith, agus ar choinníoll go raibh máthairchuideachta deiridh ar ghrúpa ag an gcuideachta nó gur máthairchuideachta deiridh ar ghrúpa í an chuideachta ag a raibh glanláimhdeachas domhanda ar mhó é ná EUR 275 000 000 sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith.
▼B
|
|
Airteagal 2 2.
|
Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht tríú tír agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas:
▼M2
(a)
ghin an chuideachta glanláimhdeachas ar mó é ná EUR 1 500 000 000 san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach;
▼B
(b)
níor shroich an chuideachta an tairseach dá dtagraítear i bpointe (a) ach is máthairchuideachta deiridh grúpa a shroich, ar bhonn comhdhlúite, an tairseach sin sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach;
▼M2
(c)
chuaigh an chuideachta isteach i ngrúpa nó is í an mháthairchuideachta deiridh ar ghrúpa í an chuideachta a rinne comhaontuithe saincheadúnais nó ceadúnúcháin san Aontas i gcomaoin ríchíosanna le cuideachtaí neamhspleácha tríú páirtí, i gcás ina n-áirithítear leis na comhaontuithe sin céannacht choiteann, coincheap comhchoiteann gnó agus cur i bhfeidhm modhanna gnó aonfhoirmeacha, agus i gcás inar mhó na ríchíosanna sin ná EUR 75 000 000 san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach; agus ar choinníoll gur ghin an chuideachta, nó gur máthairchuideachta deiridh ar grúpa í an chuideachta a ghin, glanláimhdeachas ar mó é ná EUR 275 000 000 san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach.
|
|
Airteagal 2 3.
|
I gcás ina bhfuil sealbhú scaireanna i bhfochuideachtaí oibríochtúla mar phríomhghníomhaíocht ag an máthairchuideachta deiridh agus nach ndéanann sí cinntí bainistíochta, oibríochtúla ná airgeadais a dhéanann difear don ghrúpa ná do cheann amháin nó níos mó dá fhochuideachtaí, féadfar í a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Tá an díolúine sin faoi réir an choinníll go n-ainmnítear ceann d’fhochuideachtaí na máthairchuideachta deiridh atá bunaithe san Aontas chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 6 go 16 a chomhlíonadh thar ceann na máthairchuideachta deiridh, lena n-áirítear oibleagáidí na máthairchuideachta deiridh maidir le gníomhaíochtaí a fochuideachtaí. Sa chás sin, tugtar na modhanna agus an t-údarás dlíthiúil uile is gá don fhochuideachta ainmnithe chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach, go háirithe chun a áirithiú go bhfaighidh an fhochuideachta ainmnithe an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ó chuideachtaí an ghrúpa chun oibleagáidí na máthairchuideachta deiridh faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Déanfaidh an mháthairchuideachta deiridh iarratas ar an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mír seo chun an údaráis inniúil mhaoirseachta, i gcomhréir le hAirteagal 24, chun a mheasúnú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo comhlíonta. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha, deonóidh an t-údarás inniúil maoirseachta an díolúine I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an t-údarás sin údarás inniúil maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an fhochuideachta ainmnithe bunaithe ar an eolas faoin iarratas agus ansin faoina chinneadh. Leanfaidh an mháthairchuideachta deiridh de bheith faoi dhliteanas comhpháirteach in éineacht leis an bhfochuideachta ainmnithe i leith mhainneachtain na fochuideachta sin a hoibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 2 4.
|
Chun críocha mhír 1, déanfar líon na bhfostaithe páirtaimseartha a ríomh ar bhonn coibhéis lánaimseartha. Déanfar oibrithe gníomhaireachta sealadacha agus oibrithe eile i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir lena gcinntear stádas oibrí, arna mbunú ag an Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a áireamh nuair a bheidh líon na bhfostaithe á ríomh amhail is gur oibrithe iad atá fostaithe go díreach ar feadh tréimhse chomhionann ama ag an gcuideachta.
|
|
Airteagal 2 5.
|
I gcás ina gcomhlíonann an chuideachta na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 nó 2, ní bheidh feidhm ag an Treoir ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha sin in 2 bhliain airgeadais as a chéile. Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an Treoir seo maidir le cuideachta dá dtagraítear i mír 1 nó 2 i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 nó 2 i gcás gach ceann den dá bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile níos mó.
|
|
Airteagal 2 6.
|
Maidir leis na cuideachtaí dá dtagraítear i mír 1, is é an Ballstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta a bheidh inniúil ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a rialáil.
|
|
Airteagal 2 7.
|
Maidir le cuideachta dá dtagraítear i mír 2, is é an Ballstát ina bhfuil a brainse ag an gcuideachta sin a bheidh inniúil ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a rialáil. Mura bhfuil brainse ag cuideachta in aon Bhallstát, nó má tá brainsí aici atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla, is é an Ballstát inar ghin an chuideachta sin an glanláimhdeachas is airde san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach a bheidh inniúil chun rialáil a dhéanamh ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo.
|
|
Airteagal 2 8.
|
Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le CIManna, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) ná maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|