+TREOIR (AE) 2024/1760 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
------+Airteagal 1 3.
------+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 2 Raon feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 2 4.
------+Airteagal 2 5.
------+Airteagal 2 6.
------+Airteagal 2 7.
------+Airteagal 2 8.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 4 Leibhéal an chomhchuibhithe
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 5 Dícheall cuí
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 6 Tacaíocht i ndáil le dícheall chuí ar leibhéal an ghrúpa
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 7 Dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistithe riosca na cuideachta
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 8 Drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 2a.
------+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 9 Tosaíocht a thabhairt do dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a sainaithníodh
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 10 Drochthionchair fhéideartha a chosc
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 10 3.
------+Airteagal 10 4.
------+Airteagal 10 5.
------+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 11 Deireadh a chur le drochthionchair iarbhír
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
------+Airteagal 11 5.
------+Airteagal 11 6.
------+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 12 Drochthionchair iarbhír a leigheas
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 13 Rannpháirtíocht fhóinteach leis na geallsealbhóirí
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
------+Airteagal 13 4.
------+Airteagal 13 5.
------+Airteagal 13 6.
------+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 14 Sásra fógra agus nós imeachta gearán
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 14 5.
------+Airteagal 14 6.
------+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 15 Faireachán
---+Airteagal 16 Cumarsáid
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 17 Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 18 Clásail chonarthacha shamplacha
---+Airteagal 19 Treoirlínte
------+Airteagal 19 1.
------+Airteagal 19 2.
------+Airteagal 19 3.
------+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 20 Bearta tionlacain
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 20 4.
------+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 21 Deasc chabhrach lárnach
------+Airteagal 21 1.
------+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 23 Ionadaí údaraithe
------+Airteagal 23 1.
------+Airteagal 23 2.
------+Airteagal 23 3.
------+Airteagal 23 4.
------+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 24 Údaráis mhaoirseachta
------+Airteagal 24 1.
------+Airteagal 24 2.
------+Airteagal 24 3.
------+Airteagal 24 4.
------+Airteagal 24 5.
------+Airteagal 24 6.
------+Airteagal 24 7.
------+Airteagal 24 8.
------+Airteagal 24 9.
------+Airteagal 24 10.
---+Airteagal 25 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
------+Airteagal 25 1.
------+Airteagal 25 2.
------+Airteagal 25 3.
------+Airteagal 25 4.
------+Airteagal 25 5.
------+Airteagal 25 6.
------+Airteagal 25 7.
------+Airteagal 25 8.
------+Airteagal 25 9.
---+Airteagal 26 Ábhair imní chuí-réasúnaithe
------+Airteagal 26 1.
------+Airteagal 26 2.
------+Airteagal 26 3.
------+Airteagal 26 4.
------+Airteagal 26 5.
------+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 27 Pionóis
------+Airteagal 27 1.
------+Airteagal 27 2.
------+Airteagal 27 3.
------+Airteagal 27 4.
------+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 28 Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta
------+Airteagal 28 1.
------+Airteagal 28 2.
------+Airteagal 28 3.
------+Airteagal 28 4.
------+Airteagal 28 5.
------+Airteagal 28 6.
------+Airteagal 28 7.
------+Airteagal 28 8.
------+Airteagal 28 9.
------+Airteagal 28 10.
---+Airteagal 29 Dliteanas sibhialta cuideachtaí agus an ceart chun lánchúitimh
------+Airteagal 29 2.
------+Airteagal 29 3.
------+Airteagal 29 4.
------+Airteagal 29 5.
------+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 30 Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú
---+Airteagal 31 Tacaíocht phoiblí,soláthar poiblí agus lamháltais phoiblí
---+Airteagal 32 Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
---+Airteagal 33 Leasú ar Rialachán (AE) 2023/2859
---+Airteagal 34 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 34 1.
------+Airteagal 34 2.
------+Airteagal 34 3.
------+Airteagal 34 4.
------+Airteagal 34 5.
------+Airteagal 34 6.
---+Airteagal 35 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 35 1.
------+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 36 Athbhreithniú agus tuairisciú
---+Airteagal 37 Trasuí
------+Airteagal 37 1.
------+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 38 Teacht i bhfeidhm
---+Airteagal 39 Seolaithe
---+IARSCRÍBHINN
English - European Union - Corporate Law - Environment - Sustainability -

TREOIR (AE) 2024/1760 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TREOIR (AE) 2024/1760 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar
Airteagal 2 Raon feidhme
Airteagal 3 Sainmhínithe
Airteagal 4 Leibhéal an chomhchuibhithe
Airteagal 5 Dícheall cuí
Airteagal 6 Tacaíocht i ndáil le dícheall chuí ar leibhéal an ghrúpa
Airteagal 7 Dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistithe riosca na cuideachta
Airteagal 8 Drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú
Airteagal 9 Tosaíocht a thabhairt do dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a sainaithníodh
Airteagal 10 Drochthionchair fhéideartha a chosc
Airteagal 11 Deireadh a chur le drochthionchair iarbhír
Airteagal 12 Drochthionchair iarbhír a leigheas
Airteagal 13 Rannpháirtíocht fhóinteach leis na geallsealbhóirí
Airteagal 14 Sásra fógra agus nós imeachta gearán
Airteagal 15 Faireachán

Airteagal 15

Faireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí measúnuithe tréimhsiúla ar a n-oibríochtaí agus ar a mbearta féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu le slabhraí gníomhaíochtaí na cuideachta, ar oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó, chun an cur chun feidhme a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá na bearta chun drochthionchair a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus a thabhairt chun deiridh agus a íoslaghdú. Beidh na measúnuithe sin bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus déanfar iad gan moill mhíchuí tar éis athrú suntasach a bheith ann, ach gach 5 bliana ar a laghad agus aon uair a bheidh forais réasúnta ann chun a chreidiúint nach bhfuil na bearta leormhaith ná éifeachtach a thuilleadh nó go bhfuil rioscaí nua ann nó go bhféadfadh rioscaí nua a theacht chun cinn go dtarlódh na drochthionchair sin. I gcás inarb iomchuí, déanfar an beartas díchill chuí, na drochthionchair arna sainaithint agus na bearta iomchuí a díorthaíodh a nuashonrú i gcomhréir le toradh na measúnuithe sin agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis ábhartha ó gheallsealbhóirí.

Airteagal 16 Cumarsáid
Airteagal 17 Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Airteagal 18 Clásail chonarthacha shamplacha

Airteagal 18

Clásail chonarthacha shamplacha

Chun tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí chun comhlíonadh Airteagal 10(2), pointe (b) agus Airteagal 11(3), pointe (c) a éascú, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, treoraíocht maidir le clásail chonarthacha shamplacha dheonacha, faoin 26 Iúil 2027.

Airteagal 19 Treoirlínte
Airteagal 20 Bearta tionlacain
Airteagal 21 Deasc chabhrach lárnach
Airteagal 23 Ionadaí údaraithe
Airteagal 24 Údaráis mhaoirseachta
Airteagal 25 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Airteagal 26 Ábhair imní chuí-réasúnaithe
Airteagal 27 Pionóis
Airteagal 28 Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta
Airteagal 29 Dliteanas sibhialta cuideachtaí agus an ceart chun lánchúitimh
Airteagal 30 Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú

Airteagal 30

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh Treoir (AE) 2019/1937 infheidhme maidir le tuairisciú sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.

Airteagal 31 Tacaíocht phoiblí,soláthar poiblí agus lamháltais phoiblí

Airteagal 31

Tacaíocht phoiblí, soláthar poiblí agus lamháltais phoiblí

Áiritheoidh na Ballstáit go gcáileoidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó as a gcur chun feidhme deonach, mar ghné chomhshaoil nó shóisialta a fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha a chur i gcuntas, i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, mar chuid de na critéir dhámhachtana do chonarthaí poiblí agus lamháltais, agus mar choinníoll comhshaoil agus sóisialta, a fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha, i gcomhréir leis na Treoracha sin, a leagan síos i ndáil le feidhmiú chonarthaí poiblí agus lamháltais.

Airteagal 32 Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

Airteagal 32

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I dTreoir (AE) 2019/1937, pointe E.2 de Chuid I den Iarscríbhinn, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(vi) 

‘Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).”.

Airteagal 33 Leasú ar Rialachán (AE) 2023/2859

Airteagal 33

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/2859

I Rialachán (AE) 2023/2859, cuid B den Iarscríbhinn, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“17. Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).”.

Airteagal 34 An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 35 Nós imeachta coiste
Airteagal 36 Athbhreithniú agus tuairisciú

Airteagal 36

Athbhreithniú agus tuairisciú

▼M2 —————

▼B

2.  

►M2  Faoin 26 Iúil 2031, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus maidir lena héifeachtacht agus lena héifeachtúlacht i ndáil lena cuspóirí a bhaint amach, go háirithe i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí. Déanfar measúnú sa chéad tuarascáil, inter alia, ar na saincheisteanna seo a leanas: ◄

(a) 

tionchair na Treorach seo ar FBManna, mar aon le measúnú ar éifeachtacht na mbeart agus na n-uirlisí éagsúla le haghaidh tacaíochta arna soláthar do FBManna ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit;

(b) 

raon feidhme na Treorach seo i dtéarmaí na gcuideachtaí a chumhdaítear, cibé acu a áirithítear léi éifeachtacht na Treorach seo i bhfianaise a cuspóirí, cothrom iomaíochta idir eintitis a chumhdaítear agus nach féidir le cuideachtaí teacht timpeall ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear:

— 
cibé acu is gá Airteagal 3(1), pointe (a) a athbhreithniú ionas go gcumhdófar leis an Treoir seo eintitis atá comhdhéanta mar fhoirmeacha dlíthiúla atá éagsúil leo siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;
— 
cibé acu is gá samhlacha gnó nó cineálacha comhair eacnamaíoch le cuideachtaí tríú páirtí seachas iad sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach seo;

▼M2

— 
i dtaobh an gá athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha maidir leis an láimhdeachas ábhartha agus, i gcás cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht Ballstáit, líon na bhfostaithe a leagtar síos in Airteagal 2 agus i dtaobh an gá cur chuige earnáilsonrach a thabhairt isteach in earnálacha ardriosca, agus, go háirithe, i dtaobh ar cheart cuideachtaí ag a bhfuil láimhdeachas ábhartha ar mó é ná EUR 450 000 000 agus, i gcás cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht Ballstáit, ag a bhfuil níos mó ná 1 000 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais agus, sa bhreis air sin, cuideachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha ardriosca a chumhdach leis an Treoir seo;

▼B

— 
cibé acu an gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar chritéar an ghlanláimhdeachais arna ghiniúint san Aontas a leagtar síos in Airteagal 2(2);
(c) 

cibé acu is gá an sainmhíniú ar “slabhra gníomhaíochtaí” a athbhreithniú;

(d) 

cibé acu is gá an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a mhodhnú, lena n-áirítear i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta, agus ar cheart í a leathnú chun drochthionchair bhreise a chumhdach, go háirithe drochthionchair ar dhea-rialachas;

▼M2 —————

▼M2

(f) 

éifeachtacht shásraí forfheidhmiúcháin arna gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear a n-éifeachtaí cosantacha ar shealbhóirí ceart;

▼B

(g) 

cibé acu is gá athruithe ar leibhéal comhchuibhithe na Treorach seo chun cothrom na Féinne a áirithiú do chuideachtaí sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear cóineasú agus éagsúlacht idir forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

Airteagal 37 Trasuí
Airteagal 38 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 39 Seolaithe

Airteagal 39

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

IARSCRÍBHINN




IARSCRÍBHINN

Cuid I

1.    CEARTA AGUS TOIRMISC A ÁIRÍTEAR I gCOMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA UM CHEARTA AN DUINE

1. An ceart chun na beatha, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla. Áirítear le mí-úsáid an chirt sin gardaí slándála príobháideacha nó poiblí a chosnaíonn acmhainní, saoráidí nó pearsanra na cuideachta is cúis le bás duine de dheasca easpa teagaisc nó rialaithe ón gcuideachta, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin;

2. Toirmeasc ar chéastóireacht, ar íde eile atá cruálach, mídhaonna, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla. Áirítear leis sin gardaí slándála príobháideacha nó poiblí a chosnaíonn acmhainní, saoráidí nó pearsanra na cuideachta a dhéanann duine a chéasadh nó a thugann íde do dhuine atá cruálach, mídhaonna nó táireach de dheasca easpa teagaisc nó rialaithe ón gcuideachta;

3. An ceart chun saoirse agus slándála, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

4. Toirmeasc ar chur isteach treallach nó neamhdhleathach a dhéanamh ar phríobháideachas, ar theaghlach, ar theach nó ar chomhfhreagras duine agus ar ionsaithe neamhdhleathacha a dhéanamh ar a chlú arna léirmhíniú, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;

5. Toirmeasc ar chur isteach a dhéanamh ar shaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

6. An ceart chun dálaí oibre córa agus fabhracha a bheith acu, lena n-áirítear pá cothrom agus pá maireachtála leordhóthanach d’oibrithe fostaithe agus ioncam leordhóthanach maireachtála d’oibrithe féinfhostaithe agus do shealbhóirí beaga, a thuilleann siad i gcomaoin ar a gcuid oibre agus táirgeachta, slí bheatha chuibhiúil, dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla agus teorannú réasúnta ar uaireanta oibre, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

7. Toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar thithíocht leordhóthanach, más i gcóiríocht arna soláthar ag an gcuideachta a bhfuil cónaí ar an lucht saothair, agus an toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar bhia, éadaí, uisce agus sláintíocht leordhóthanach san ionad oibre, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

8. Ceart an linbh chun an chaighdeáin sláinte is airde is féidir i gcomhréir le hAirteagal 24 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; an ceart chun oideachais i gcomhréir le hAirteagal 28 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; an ceart chun caighdeáin mhaireachtála leordhóthanach arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 27 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ceart an linbh a bheith cosanta ar dhúshaothrú eacnamaíoch agus ar aon obair a dhéanamh ar dóigh di a bheith guaiseach nó cur isteach ar oideachas an linbh, nó a bheith díobhálach do shláinte nó d’fhorbairt choirp, mheabhrach, spioradálta, mhorálta nó shóisialta an linbh, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 32 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ceart an linbh a bheith cosanta ar gach cineál teacht i dtír ghnéasaigh agus mí-úsáide ghnéasaigh agus a bheith cosanta ar fhuadach, ar dhíol nó ar ghluaiseacht neamhdhleathach chuig áit eile laistigh nó lasmuigh dá thír chun críocha teacht i dtír, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh;

9. Toirmeasc ar fhostú linbh faoi bhun na haoise ag a gcríochnaítear an scolaíocht éigeantach agus, i gcás ar bith, leanbh nach óige ná 15 bliana d’aois é, ach amháin i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ndlí na háite fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138);

10. Toirmeasc ar na cineálacha is measa de shaothar leanaí (daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182). Áirítear sa mhéid sin:

(a) 

gach cineál sclábhaíochta nó gach cineál cleachtas atá cosúil leis an sclábhaíocht, mar shampla díol agus gáinneáil leanaí, cuibhriú fiachais agus seirfeachas, mar aon le saothar éigeantais nó éigeantach, lena n-áirítear earcú éigeantais nó éigeantach leanaí lena n-úsáid i gcoinbhleachtaí armtha;

(b) 

leanbh a úsáid, a sholáthar nó a thairiscint le haghaidh striapachais, chun pornagrafaíocht a tháirgeadh nó le haghaidh léiriú pornagrafacha;

(c) 

leanbh a úsáid, a sholáthar nó a thairiscint le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha, go háirithe chun drugaí a tháirgeadh nó chun gáinneáil a dhéanamh orthu; agus

(d) 

obair ar dócha go ndéanfaí dochar do shláinte, do shábháilteacht nó do mhoráltacht leanaí, de bharr chineál na hoibre nó na gcúinsí faoina ndéantar an obair sin;

11. Toirmeasc ar shaothar éigeantais nó éigeantach, rud a chiallaíonn an obair nó an tseirbhís go léir a ordaítear ar aon duine faoi bhagairt aon phionóis agus nár thairg an duine sin é féin nó í féin dá dheoin féin, mar shampla mar thoradh ar ghéibheann fiachais nó ar gháinneáil ar dhaoine, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh 29). Ní chiallóidh saothar éignithe nó éigeantach aon obair nó seirbhísí a chomhlíonann Airteagal 2(2) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) nó Airteagal 8(3), pointí (b) agus (c)den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

12. Toirmeasc ar gach cineál sclábhaíochta agus trádála sclábhaí, lena n-áirítear cleachtais cosúil leis an sclábhaíocht, an seirfeachas nó cineálacha eile forlámhas nó leatroim san ionad oibre, mar shampla teacht i dtír agus uirísliú ollmhór eacnamaíoch nó gnéasach, nó gáinneáil ar dhaoine, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

13. An ceart chun saoirse comhlachais, comhthionóil, an ceart eagrúcháin agus chun cómhargála, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Airteagal 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87), agus Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98). Áirítear an méid seo a leanas ar na cearta sin:

(a) 

tá an tsaoirse ag oibrithe ceardchumainn a chur ar bun nó dul i bpáirt le ceardchumainn;

(b) 

ní mór gan cur ar bun, dul i bpáirt ná ballraíocht i gceardchumann, a úsáid mar chúis le hidirdhealú nó frithbheart gan údar maith;

(c) 

tá an tsaoirse ag ceardchumainn oibriú i gcomhréir lena mbunreachtanna agus a rialacha gan aon chur isteach ó na húdaráis; agus

(d) 

an ceart chun dul ar stailc agus an ceart chun cómhargála;

14. Toirmeasc ar chóir neamh-chomhionann san fhostaíocht, mura rud é go bhfuil údar leis sin de bharr cheanglais na fostaíochta, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100), Airteagail 1 agus 2 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111), agus Airteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. Leis an méid seo áirítear go háirithe:

(a) 

luach saothair neamh-chomhionann a íoc as obair ar luach comhionann; agus

(b) 

idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó bunaithe ar thionscnamh sóisialta, cine, dath, gnéas, reiligiún nó tuairimí polaitiúla;

15. An toirmeasc ar aon díghrádú comhshaoil a chruthú, mar shampla athrú díobhálach ithreach, truailliú uisce nó aeir, astaíochtaí díobhálacha, ídiú iomarcach uisce, díghrádú talún, nó iarmhairt eile ar acmhainní nádúrtha, amhail dífhoraoisiú:

(a) 

a chuireann as go suntasach do na bunúis nádúrtha maidir le bia a chaomhnú agus a tháirgeadh;

(b) 

nach dtugann rochtain do dhuine ar uisce óil atá sábháilte agus glan;

(c) 

a fhágann gur deacair ag duine rochtain a fháil ar shaoráidí sláintíochta nó a dhíothaíonn na saoráidí sin;

(d) 

a dhéanann díobháil do shláinte, do shábháilteacht, do ghnáthúsáid talún nó do shealúchais arna bhfáil go dleathach ag duine;

(e) 

a bhíonn éifeacht dhiúltach shuntasach aige ar sheirbhísí éiceachórais trína gcuireann éiceachóras go díreach nó go hindíreach le folláine agus meanma an duine;

arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1)de Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus Airteagail 11 agus 12 den Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

16. An ceart atá ag daoine aonair, ag grúpaí agus ag pobail tailte agus acmhainní a fháil agus gan cóir mhaireachtála a bhaint díobh, rud a fhágann go bhfuil toirmeasc ar thalamh, ar fhoraoisí agus ar uiscí a dhíshealbhú nó a thógáil go neamhdhleathach agus talamh, foraoisí agus uiscí á bhfáil, á bhforbairt nó á n-úsáid ar shlí eile lena n-áirítear trí dhífhoraoisiú, a ndéantar slí bheatha duine a áirithiú lena n-úsáid, i gcomhréir le hAirteagail agus 27 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus le hAirteagal 1, le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha.

2.    IONSTRAIMÍ MAIDIR LE CEARTA AN DUINE AGUS SAOIRSÍ BUNÚSACHA

— 
An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
— 
An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
— 
An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;
— 
Croíchoinbhinsiúin/bunchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair:
— 
An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87);
— 
An Coinbhinsiún i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98);
— 
An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) agus Prótacal 2014 lena mbaineann;
— 
An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105);
— 
An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138);
— 
An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182);
— 
An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100);
— 
An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111).

Cuid II

TOIRMISC AGUS OIBLEAGÁIDÍ A ÁIRÍTEAR IN IONSTRAIM A BHAINEANN LEIS AN TIMPEALLACHT

1. An oibleagáid drochthionchair ar éagsúlacht bhitheolaíoch a sheachaint nó a íoslaghdú, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 10, pointe (b) de Choinbhinsiún 1992 maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha, lena n-áirítear na oibleagáidí Phrótacal Cartagena maidir le forbairt, láimhseáil, iompar, úsáid, aistriú agus scaoileadh orgánach modhnaithe beo agus oibleagáidí Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus na Tairbhí a Bhaineann leis na hAcmhainní sin mar aon lena n-Úsáid a Roinnt go Cóir agus go Cothromasach an 12 Deireadh Fómhair 2014.

2. Toirmeasc ar aon eiseamal a áirítear i bhFoscríbhinn I go III den Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) an 3 Márta 1973 a allmhairiú, a onnmhairiú, a athonnmhairiú nó a thabhairt isteach ón bhfarraige gan chead,)arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail III, IV agus V den Choinbhinsiún;

3. Toirmeasc a chur ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú táirgí ar cuireadh mearcair leo a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair an 10 Deireadh Fómhair 2013 (Coinbhinsiún Minamata), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Choinbhinsiún;

4. Toirmeasc ar úsáid mearcair nó comhdhúl mearcair sna próisis mhonaraithe a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata tar éis an dáta céimnithe amach a shonraítear sa Choinbhinsiún do na próisis leithleacha, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Choinbhinsiún;

5. Toirmeasc ar chóireáil neamhdhleathach dramhaíola mearcair, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Choinbhinsiún Minamata agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 );

6. Toirmeasc ar tháirgeadh agus úsáid ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm an 22 Bealtaine 2001 ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a), pointe (i) den Choinbhinsiún agus Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 );

7. Toirmeasc ar láimhseáil, bailiú, stóráil agus diúscairt neamhdhleathach dramhaíola, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) pointe (d), pointí (i) agus (ii) den Choinbhinsiún ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1021;

8. Toirmeasc ar allmhairiú nó onnmhairiú ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn III de Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (UNEP/FAO) an10 Meán Fómhair 1998, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 10(1), 11(1)(b) agus 11(2) den Choinbhinsiún agus arna léiriú ag an bPáirtí allmhairíochta nó onnmhairíochta sa Choinbhinsiún i gcomhréir leis an nós imeachta i dtaobh toiliú feasach;

9. Toirmeasc ar tháirgeadh, ithe, allmhairiú agus onnmhairiú neamhdhleathach substaintí rialaithe in Iarscríbhinní A, B, C agus E a ghabhann le Prótacal Montréal um Shubstaintí a ídíonn an Ciseal Ózóin a ghabhann le Coinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4B de Phrótacal Montréal agus forálacha ceadúnúcháin faoin dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha;

10. Toirmeasc ar onnmhairiú dramhaíola guaisí nó dramhaíola eile, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 1(1) agus (2) de Choinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt an 22 Márta 1989 (Coinbhinsiún Basel) agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ):

(a) 

chuig páirtí sa Choinbhinsiún a chuir toirmeasc ar allmhairiú dramhaíola guaisí agus dramhaíola eile mar sin, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) pointe (b)de Choinbhinsiún Basel;

(b) 

chuig stát allmhairiúcháin nach dtoilíonn i scríbhinn don allmhairiú sonrach, sa chás nach bhfuil toirmeasc curtha ag an stát allmhairiúcháin sin ar dhramhaíl ghuaiseach mar sin a allmhairiú, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) pointe (c)de Choinbhinsiún Basel;

(c) 

chuig páirtí nach páirtí é i gCoinbhinsiún Basel, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Choinbhinsiún Basel;

(d) 

chuig stát allmhairiúcháin mura ndéantar an dramhaíl ghuaiseach nó an dramhaíl eile sin a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sa stát sin nó in áit eile, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(8), an chéad abairt de Choinbhinsiún Basel;

11. Toirmeasc ar dhramhaíl ghuaiseach a onnmhairiú ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel chuig tíortha nach liostaítear in Iarscríbhinn VII le haghaidh oibríochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4A de Choinbhinsiún Basel agus le hAirteagal 34 agus Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006;

12. Toirmeasc ar dhramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl eile a allmhairiú ó thír nach páirtí é agus nár dhaingnigh Coinbhinsiún Basel go fóill, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Choinbhinsiún Basel;

13. An oibleagáid chun drochthionchair ar na maoine atá sainithe mar oidhreacht nádúrtha a sheachaint nó a íoslaghdú mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a chosaint an 16 Samhain 1972 (an Coinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 5 pointe (d) den Choinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha;

14. An oibleagáid chun drochthionchair ar bhogaigh a sheachaint nó a íoslaghdú mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo go háirithe mar Ghnáthóg d’Éin Uisce an 2 Feabhra 1971 (Coinbhinsiún Ramsar), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Choinbhinsiún Ramsar agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha;

15. An oibleagáid truailliú ó longa a chosc, arna léirmhíniú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973, arna leasú le Prótacal 1978 (MARPOL 73/78). Áirítear sa mhéid sin:

(a) 

toirmeasc ar na nithe seo a leanas a scaoileadh amach san fharraige:

(i) 

ola nó meascán olach mar atá sainmhínithe i Rialachán 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 9 go 11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78;

(ii) 

substaintí leachtacha urchóideacha mar a shainmhínítear iad i Rialachán 1(6) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 5 agus 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le MARPOL 73/78; agus

(iii) 

séarachas mar a shainmhínítear é i Rialachán 1(3) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 8 agus 9 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le MARPOL 73/78;

(b) 

toirmeasc ar thruailliú neamhdhleathach ó shubstaintí díobhálacha a iompraítear ar muir i bhfoirm pacáistithe mar atá sainmhínithe i Rialachán 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 1 go 7 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le MARPOL 73/78; agus

(c) 

toirmeasc ar thruailliú neamhdhleathach ó dhramhaíl longa mar atá sainmhínithe i Rialachán 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 3 go 6 a ghabhann le hIarscríbhinn V de MARPOL 73/78;

16. An oibleagáid truailliú na muirthimpeallachta a chosc, a laghdú agus a rialú trí dhumpáil, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 210 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (UNCLOS) agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas