+Airteagal 10 1.

Airteagal 10 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun drochthionchair fhéideartha arna sainaithint, nó ar cheart a bheith sainaitheanta, de bhun Airteagal 8, a chosc nó, i gcás nach féidir iad a chosc láithreach, iad a mhaolú ar bhealach leordhóthanach i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis an Airteagal seo.

Chun na bearta iomchuí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a) 

cibé acu is féidir gurb í an chuideachta agus í sin amháin is cúis leis an drochthionchar féideartha; cibé acu is féidir gurb iad an chuideachta agus fochuideachta nó comhpháirtí gnó is cúis leis go comhpháirteach, trí gníomhartha nó neamhghníomhartha; nó cibé acu is féidir gurb é comhpháirtí gnó cuideachta sa slabhra gníomhaíochtaí agus é sin amháin is cúis leis;

(b) 

cibé acu is féidir gur tharla an drochthionchar féideartha in oibríochtaí fochuideachta, comhpháirtí gnó díreach nó comhpháirtí gnó indíreach; agus

(c) 

cumas na cuideachta tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an drochthionchar nó ina chúis chomhpháirteach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas