+Airteagal 10 2.

Airteagal 10 2.

Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na bearta iomchuí, seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha:

(a) 

i gcás inar gá, i ngeall ar chineál nó ar chastacht na mbeart is gá i ndáil le cosc, plean gníomhaíochta coisctheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme gan mhoill mhíchuí ina mbeidh amlínte réasúnta léir-shainithe chun na bearta iomchuí a chur chun feidhme agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun feabhsú a thomhas. féadfaidh cuideachtaí a bpleananna gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar le tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí; cuirfear an plean gníomhaíochta coisctheach in oiriúint d’oibríochtaí agus do shlabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí;

(b) 

dearbhuithe conarthacha a lorg ó chomhpháirtí gnó díreach a áiritheoidh go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, an plean gníomhaíochta coisctheach, lena n-áirítear trí dearbhuithe conarthacha chomhfhreagracha a bhunú lena chomhpháirtithe, a mhéid is cuid de shlabhra gníomhaíochtaí na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí; nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 5;

(c) 

infheistíochtaí riachtanacha airgeadais nó infheistíochtaí nach cinn airgeadais iad, coigeartuithe nó uasghráduithe, mar shampla, ar shaoráidí ar phróisis táirgthe nó ar phróisis oibríochtúla agus bonneagair;

(d) 

modhnuithe agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar phlean gnó na cuideachta féin, ar straitéisí agus ar oibríochtaí foriomlána, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, dearadh agus cleachtais dáileacháin;

(e) 

tacaíocht spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil do FBM, is comhpháirtí gnó de chuid na cuideachta, i gcás inar gá i bhfianaise acmhainní, eolas agus srianta an FBM, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, ar oiliúint nó chórais bainistithe an uasghrádaithe, agus, i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh an chóid iompair nó an phlean gníomhaíochta coiscthí inmharthanacht an FBM i mbaol, tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil, mar shampla maoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, nó cúnamh chun maoiniú a fháil;

(f) 

i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, comhoibriú le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cur le cumas na cuideachta an drochthionchar a chosc nó a mhaolú, go háirithe i gcás nach bhfuil aon bheart eile oiriúnach ná éifeachtach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas