|
+Airteagal 10 6. |
Airteagal 10 6.A mhéid a bhaineann le drochthionchair fhéideartha dá dtagraítear i mír 1 nach rabhthas in ann a chosc ná a mhaolú ar bhealach leormhaith leis na bearta a leagtar amach i míreanna 2, 4 agus 5, déanfaidh an chuideachta an méid seo a leanas, mar rogha dheireanach agus go dtí go dtabharfar aghaidh ar an tionchar sin:
(a)
staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh le comhpháirtí gnó, nó ó chaidreamh atá ann cheana a leathnú le comhpháirtí gnó, ar i dtaca leis an gcomhpháirtí sin nó lena shlabhra gníomhaíochtaí a tháinig an tionchar chun cinn;
(b)
i gcás ina bhfuil sí i dteideal amhlaidh faoin dlí lena rialaítear a caidreamh leis an gcomhpháirtí gnó lena mbaineann, an caidreamh gnó maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí, lena n-áirítear d’fhonn a giaráil a úsáid nó a mhéadú, agus
(c)
plean gníomhaíochta coisctheach feabhsaithe maidir leis an drochthionchar sonrach a ghlacadh agus a chur chun feidhme gan moill mhíchuí, ar choinníoll go bhfuil ionchas réasúnta ann go n-éireoidh leis na hiarrachtaí den sórt sin. Fad a bheidh ionchas réasúnta ann go n-éireoidh leis an bplean gníomhaíochta coisctheach feabhsaithe, ní bheidh an chuideachta neamhchosanta ar phionóis de bhun Airteagal 27 ná ar dhliteanas faoi Airteagal 29 toisc leanúint de bheith i dteagmháil leis an gcomhpháirtí gnó. Sula gcuirfear caidreamh gnó ar fionraí, déanfaidh an chuideachta measúnú i dtaobh an féidir a mheas go réasúnta go mbeidh na drochthionchair a eascraíonn as caidreamh gnó a chur ar fionraí níos déine ná an drochthionchar nach bhféadfaí a chosc nó a mhaolú go leormhaith. Dá mb’amhlaidh an cás é, ní cheanglófar ar an gcuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí agus beidh sí in ann tuairisc a thabhairt don údarás inniúil maoirseachta faoi na cúiseanna cuí-réasúnaithe le cinneadh den sórt sin. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rogha chun an caidreamh gnó a chur ar fionraí i gconarthaí a rialaítear lena ndlíthe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cé is moite de chonarthaí ina bhfuil oibleagáid dlí ar na comhpháirtithe iad a dhéanamh. I gcás ina gcinnfidh an chuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí, déanfaidh sí bearta chun tionchair na fionraí a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, tabharfaidh sí fógra réasúnta don chomhpháirtí gnó lena mbaineann agus coimeádfaidh sí an cinneadh sin faoi athbhreithniú. I gcás ina gcinnfidh an chuideachta gan an caidreamh gnó a chur ar fionraí de bhun an Airteagail seo, déanfaidh sí faireachán ar an drochthionchar féideartha agus déanfaidh sí measúnú tréimhsiúil ar a cinneadh agus i dtaobh an bhfuil bearta iomchuí breise ar fáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|