|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun deireadh a chur le drochthionchair iarbhír a sainaithníodh, nó ar cheart iad a bheith sainaitheanta, de bhun Airteagal 8, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis an Airteagal seo. Chun na bearta iomchuí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
(a)
cibé acu an í an chuideachta agus í sin amháin is cúis leis an drochthionchar iarbhír; cibé acu an í an chuideachta agus fochuideachta nó comhpháirtí gnó is cúis leis go comhpháirteach, trí gníomhartha nó neamhghníomhartha; nó cibé acu is comhpháirtí gnó cuideachta sa slabhra gníomhaíochtaí, agus é sin amháin, is cúis leis;
(b)
cibé acu a tharla an drochthionchar iarbhír in oibríochtaí fochuideachta, comhpháirtí gnó dírigh nó comhpháirtí gnó indírigh; agus
(c)
cumas na cuideachta tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó ba chúis leis an drochthionchar iarbhír, nó ba chúis leis go comhpháirteach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|