+Airteagal 13 Rannpháirtíocht fhóinteach leis na geallsealbhóirí
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
|
Airteagal 13 Rannpháirtíocht fhóinteach leis na geallsealbhóirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun rannpháirtíocht éifeachtach a dhéanamh le geallsealbhóirí, i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, agus iad ag dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, déanfaidh cuideachtaí, de réir mar is iomchuí, faisnéis ábhartha chuimsitheach a sholáthar dóibh, chun comhairliúcháin éifeachtacha thrédhearcacha a dhéanamh. Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, beidh cead ag na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise ábhartha, a chuirfidh an chuideachta ar fáil laistigh d’achar réasúnta ama agus i bhformáid iomchuí agus intuigthe. Má dhiúltaíonn an chuideachta d’iarraidh ar fhaisnéis bhreise, beidh na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo i dteideal an bonn cirt leis an diúltú sin a fháil i scríbhinn.
|
|
Airteagal 13 3.
|
►M2
Rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha ag na céimeanna seo a leanas den phróiseas díchill chuí: ◄
(a)
nuair a bhailítear an fhaisnéis is gá maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha, chun na drochthionchair a shainaithint, a mheasúnú agus a chur in ord tosaíochta de bhun Airteagail 8 agus 9;
(b)
nuair a fhorbraítear pleananna gníomhaíochta coisctheacha agus ceartaitheacha de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), nuair a fhorbraítear pleananna gníomhaíochta coisctheacha feabhsaithe agus ceartaitheacha feabhsaithe de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 11(7);
▼M2 —————
▼B
(d)
nuair a ghlactar bearta iomchuí chun drochthionchair a leigheas de bhun Airteagal 12.
▼M2 —————
▼B
|
|
Airteagal 13 4.
|
I gcás nach bhfuiltear ábalta dul i mbun rannpháirtíocht éifeachtach le geallsealbhóirí a mhéid is gá chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, rachaidh cuideachtaí i gcomhairle freisin le saineolaithe ar féidir leo léargais inchreidte a thabhairt ar dhrochthionchair iarbhír nó fhéideartha.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Agus iad ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, sainaithneoidh cuideachtaí bacainní ar rannpháirtíocht agus tabharfaidh siad aghaidh orthu agus áiritheoidh cuideachtaí nach ndéanfar frithbhearta ná bearta díoltais in éadan rannpháirtithe, lena n-áirítear trí rúndacht nó anaithnideacht a chaomhnú.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar do chuideachtaí na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a chomhlíonadh trí thionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí, de réir mar is iomchuí, ar choinníoll go gcomhlíonann na nósanna imeachta comhairliúcháin na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo. Ní leor tionscnaimh de chuid na hearnála ná tionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara chun an oibleagáid dul i gcomhairle le fostaithe na cuideachta ná lena n-ionadaithe a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 13 7.
|
Beidh rannpháirtíocht le fostaithe agus lena n-ionadaithe gan dochar do reachtaíocht ábhartha an Aontais agus don dlí náisiúnta i réimse na fostaíochta agus na gceart sóisialta agus beidh sí gan dochar do na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|