+Airteagal 16 1.

Airteagal 16 1.

Gan dochar don díolúine dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh cuideachtaí ar na hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo trí ráiteas bliantúil a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Foilseofar an ráiteas bliantúil sin:

(a) 

i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais a úsáidtear i mBallstát an údaráis mhaoirseachta arna ainmniú de bhun Airteagal 24 agus, i gcás nach teanga acu sin í, i dteanga is gnách a úsáid i réimse an ghnó idirnáisiúnta;

(b) 

laistigh d’achar réasúnta ama, ach tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta chlár comhardaithe na bliana airgeadais dá dtarraingítear suas an ráiteas, nó, i gcás cuideachtaí a thuairiscíonn go deonach i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, faoi dháta foilsithe na ráiteas airgeadais bliantúil.

I gcás cuideachta arna foirmiú i gcomhréir le dlí tríú tír, áireofar sa ráiteas freisin an fhaisnéis is gá de bhun Airteagal 23(2) maidir le hionadaí údaraithe na cuideachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas