+Airteagal 23 Ionadaí údaraithe
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
|
Airteagal 23 Ionadaí údaraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go n-ainmneoidh gach cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a oibríonn i mBallstát mar a ionadaí údaraithe duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó a bhfuil sainchónaí air i gceann de na Ballstáit ina n-oibríonn an chuideachta. Beidh an t-ainmniú bailí nuair a dheimhneofar gur ghlac an t-ionadaí údaraithe leis.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfaidh an t-ionadaí údaraithe nó an chuideachta fógra faoi ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an ionadaí údaraithe d’údarás maoirseachta sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí ar an ionadaí údaraithe nó ina bhfuil sé bunaithe agus, i gcás nach é an ceann céanna é, an t-údarás maoirseachta inniúil, a shonraítear in Airteagal 24(3). Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’oibleagáid ar an ionadaí údaraithe cóip den ainmniú a sholáthar i dteanga oifigiúil Ballstáit, arna iarraidh sin, d’aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-ionadaí údaraithe nó an chuideachta in iúl d’údarás maoirseachta sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí ar an ionadaí údaraithe nó ina bhfuil sé bunaithe agus, i gcás nach ionann é, don údarás maoirseachta inniúil, a shonraítear in Airteagal 24(3), gur cuideachta í an chuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2).
|
|
Airteagal 23 4.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfaidh gach cuideachta de chumhacht dá ionadaí údaraithe cumarsáid a fháil ó údaráis mhaoirseachta maidir leis na hábhair uile is gá chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a thabhairt dá n-ionadaí údaraithe chun dul i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta.
|
|
Airteagal 23 5.
|
I gcás nach gcomhlíonann cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo, beidh gach Ballstát ina n-oibríonn an chuideachta sin inniúil chun comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Aon Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a fhorfheidhmiú, tabharfaidh sé fógra do na húdaráis mhaoirseachta trí Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta a bunaíodh faoi Airteagal 28 ionas nach bhforfheidhmeoidh na Ballstáit eile iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|