+Airteagal 1 3.

Airteagal 1 3.

Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail, cobhsaíocht agus sláine chóras airgeadais an Aontais agus cuífheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint tríd an méid seo a leanas:

(a) 

cosc a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú (‘ML/TF’);

(b) 

rannchuidiú le rioscaí agus bagairtí ML/TF ar fud an mhargaidh inmheánaigh a shainaithint agus a mheasúnú, mar aon le rioscaí agus bagairtí a thagann ó lasmuigh den Aontas ag a bhfuil tionchar ar an margadh inmheánach nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu air sin;

(c) 

maoirseacht ardcháilíochta a áirithiú sa réimse a bhaineann le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (‘AML/CFT’) ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(d) 

rannchuidiú le cóineasú maoirseachta i réimse AML/CFT tríd an margadh inmheánach;

(e) 

rannchuidiú le comhchuibhiú cleachtas sa bhraiteoireacht a dhéanann Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (‘FIUnna’) ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí amhrasacha;

(f) 

tacú le malartú faisnéise idir FIUnna, agus idir FIUnna agus údaráis inniúla eile, agus an malartú sin a chomhordú.

Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe de bhun Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas