+Airteagal 15
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
|
Airteagal 15
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Gan dochar do chumhacht an Údaráis de bhun Airteagal 21(3), pointe (a), faisnéis a thuairiscíonn eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, ar bhonn leanúnach, a fháil go díreach, nó rochtain dhíreach a bheith aige uirthi, soláthróidh maoirseoirí airgeadais an fhaisnéis uile is gá don Údarás chun na cúraimí a thugtar don Údarás a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí eile an Aontais is infheidhme.
|
|
Airteagal 15 2.
|
I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh maoirseoirí airgeadais cúnamh don Údarás maidir le hullmhú agus cur chun feidhme aon ghnímh i ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), a mhéid a bhaineann leis na heintitis roghnaithe uile faoi oibleagáid, lena n-áirítear cúnamh i ngníomhaíochtaí fíorúcháin. Leanfaidh siad na treoracha atá tugtha ag an Údarás agus na cúraimí sin á ndéanamh.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Forbróidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)
na coinníollacha faoina mbeidh ar mhaoirseoirí airgeadais cúnamh a thabhairt don Údarás de bhun mhír 2;
(b)
próiseas an mheasúnaithe thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 12(1), lena n-áirítear róil na n-údarás maoirseachta agus an Údaráis maidir le measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca na n-institiúidí creidmheasa agus na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear sa mhír sin;
(c)
na socruithe oibre chun cúraimí agus cumhachtaí maoirseachta a aistriú chuig an Údarás nó ón Údarás go dtí an leibhéal náisiúnta tar éis próiseas roghnúcháin, lena n-áirítear socruithe maidir le leanúnachas nósanna imeachta maoirseachta nó imscrúduithe atá ar feitheamh;
(d)
na nósanna imeachta chun cinntí a ullmhú agus a ghlacadh maidir le heintitis faoi oibleagáid a roghnú;
(e)
na rialacha mionsonraithe agus na socruithe maidir le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhfhoirne maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2).
Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2026. Cumhachtaítear don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|