|
+Airteagal 15 3. |
Airteagal 15 3.Forbróidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)
na coinníollacha faoina mbeidh ar mhaoirseoirí airgeadais cúnamh a thabhairt don Údarás de bhun mhír 2;
(b)
próiseas an mheasúnaithe thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 12(1), lena n-áirítear róil na n-údarás maoirseachta agus an Údaráis maidir le measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca na n-institiúidí creidmheasa agus na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear sa mhír sin;
(c)
na socruithe oibre chun cúraimí agus cumhachtaí maoirseachta a aistriú chuig an Údarás nó ón Údarás go dtí an leibhéal náisiúnta tar éis próiseas roghnúcháin, lena n-áirítear socruithe maidir le leanúnachas nósanna imeachta maoirseachta nó imscrúduithe atá ar feitheamh;
(d)
na nósanna imeachta chun cinntí a ullmhú agus a ghlacadh maidir le heintitis faoi oibleagáid a roghnú;
(e)
na rialacha mionsonraithe agus na socruithe maidir le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhfhoirne maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2). Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2026. Cumhachtaítear don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|